Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS2)
Is córas leictreonach custam nua agus uasdátaithe é ICS2 atá deartha chun slándáil a fheabhsú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí agus an slabhra soláthair lena mbaineann. Déanfaidh sé bainistiú ar an réamh-anailís riosca sábháilteachta agus slándála do gach earra a thagann isteach san Aontas Eorpach (AE).
Cuireadh ICS2 in ionad ICS de réir a chéile i dtrí eisiúint phleanáilte. Tá ICS2 i bhfeidhm go hiomlán do gach modh iompair ón 1 Eanáir 2026. Cuireann sé nósanna imeachta Chód Custaim an Aontais (UCC) chun feidhme maidir le hearraí a thagann isteach san AE, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
- tíolacthaí iomadúla de réamh-fhaisnéis lastaí faoi Alt 127(6) den CCA
- agus
- an rannpháirtíocht ag breis gníomhairí slabhra soláthair agus múnlaí gnó mar atá leagtha amach in Alt 127(4) den CCA.
Má thugann tú earraí isteach san AE, nó má iompraíonn tú earraí tríd an AE ar idirthuras, ba cheart duit sonraí na n-earraí a sholáthar roimh theacht duit. Ba cheart é seo a dhéanamh trí Dhearbhú Iontrála Achomair (ENS) a thíolacadh in ICS2.
Bunaithe ar an ENS, tagann gach earra faoi réir anailíse riosca sábháilteachta agus slándála chomh maith le rialuithe spriocdhírithe.
Aithníonn ICS2 coinsíneachtaí ard-riosca agus déanann sé idirghabháil ag an bpointe is oiriúnaí sa slabhra soláthair, agus ag an am céanna éascaíonn sé sreabhadh dlisteanach earraí.
Is gá d'Oibreoirí Eacnamaíocha (EOanna) an ENS a thíolacadh chuig córas ICS2. Is córas de chuid an AE é seo atá infheidhme i ngach Ballstát agus úsáidtear é chun:
- an ENS a thaisceadh agus a phróiseáil
- agus
- teachtaireachtaí leictreonacha a mhalartú idir riaracháin custam, Oibreoirí Eacnamaíocha agus an Coimisiún Eorpach.
Buntáistí ICS2
- Cosaint shaoránaigh an AE agus an mhargaidh inmheánaigh a neartú i gcoinne bagairtí slándála agus sábháilteachta.
- Cuireann sé ar chumas údaráis Custam an AE coinsíneachtaí ard-riosca ard a shainaithint níos éifeachtaí agus idirghabháil a dhéanamh ag an bpointe is oiriúnaí sa slabhra soláthair.
- Tacú le bearta custaim spriocdhírithe agus comhréireacha ag na teoireannacha seachtracha i gcásanna freagartha géarchéime.
- Imréiteach trasteorann tráthúil ar thrádáil dhlisteanach a éascú.
- An malartú faisnéise idir Oibreoirí Eacnamaíochta agus údaráis Custam an AE a shimpliú.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ag an nasc idirlín seo European Commission-ICS2, mar shampla:
- Céard é ICS2.
- CCanna.
- Físeáin agus bileoga eolais.
- Naisc chuig doiciméid an tionscadail ar CIRCA.
- Naisc chuig reachtaíocht agus treoir.
- Gníomhartha ullmhúcháin a theastaíonn chun ullmhú do ICS2.
- Iarmhairtí féideartha de bharr neamhchomhlíontacht.
Plean Leanúnachais Gnó (BCP) - Tacachumas
Soláthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim socruithe tacachumais a fhéadtar a úsáid chun d’earraí a bhogadh nuair nach bhfuil córais leictreonacha ar fáil.
Féadtar teacht ar thuilleadh eolais ag an nasc idirlín seirbhís tacachumais Custam.
Ina theannta sin, be cheart d'Oibreoirí Eacnamaíochta (EOanna) a seoladh ríomhphoist a chlárú sa EU-CTP Customs Trader Portal chun fógraí ICS2 a fháil. Eiseoidh córas lárnach DG TAXUD fógraí má bhíonn moill i gceist nó nuair nach mbeidh ICS2 ar fáil (sceidealaithe nó neamhsceidealaithe), a d'imreodh tionchar ar EOanna.
Cosaint sonraí
Cuireann Ráiteas Príobháideachais an Choimisiúin Eorpaigh eolas cuimsitheach ar fáil ar phróiseáil agus an chosaint i leith sonraí pearsanta a thíolactar chuig ICS2.
Tuilleadh eolais
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi ICS2, déan teagmháil le: