Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 5 (CNRI–C5)
An chaoi le do ghnó a ullmhú don NCTS-P5
Bogearraí custam
Féadtar teacht ar NCTS-P5 na gCoimisinéirí Ioncaim trí do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid, nó trí bhogearraí custam a sholáthraíonn soláthraí córas seachtrach. Tá sé tábhachtach a bheith eolach ar an méid seo a leanas:
- Ábhar agus struchtúr na ndearbhuithe nua, lena n-áirítear na heilimintí sonraí.
- Cineálacha nua teachtaireachtaí agus liostaí cóid.
- Uimhreacha nua teachtaireachtaí.
- agus
- Formáid nua le haghaidh teachtaireachtaí atá ann cheana féin.
Má fhostaíonn tú gníomhaire custam chun do ghnásanna idirthurais custaim a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú go bhfuill bogearraí do ghníomhaire in ann dul i ngleic le NCTS-P5.
Teachtaireacht thábhachtach
Mar thrádálaí, ba chóir duit do chuid ullmhúcháin a thosú go luath chun a bheith réidh don 30 Samhain 2023 nuair a théann NCTS-P5 beo. Ba chóir duit dul i dteagmháil le do sholáthraí bogearraí, bíodh sé inmheánach nó seachtrach. Ba cheart do sholáthraithe bogearraí dul i ngleic lenár dtimpeallacht Tástála Chomheádaoin Phoiblí (PIT) a luaithe agus is féidir. Cuireadh sé seo ar fáil ag deireadh mhí Aibreáin 2023.
Ar aghaidh: Céard atá tar éis athrú faoin NCTS-P5?