Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 5 (CNRI–C5)

  1. Léargas ginearálta
  2. An chaoi le do ghnó a ullmhú don NCTS-P5
  3. Céard atá tar éis athrú faoin NCTS-P5?

Céard atá tar éis athrú faoin NCTS-P5?

Má thíolacann tú dearbhuithe idirthurais inár gcóras NCTS-P4 i leith earraí ag bogadh thar theorainneacha idirnáisiúnta faoi rialú custam, tabharfaidh tú na hathruithe suntasacha seo a leanas faoi deara ar an NCTS-P5:

  • Tacar sonraí nua do dhearbhú idirthurais atá sainithe faoi Chód Custam an Aontais. Cé gurab ionann formhór an eolais a theastaíonn chun do dhearbhú idirthurais a chomhlánú agus na sonraí a úsáidtear in NCTS-P4, beidh roinnt eilimintí sonraí nua i gceist. Tá sonraí ar fáil sa NCTS-P5 Message Structures document. Beidh cuma éagsúil ag an dearbhú idirthurais, le ‘heilimintí sonraí’ ag teacht in áit ‘Réimsí sonraí’
  • Leis seo, féadtar do dhearbhuithe idirthurais a thaisceadh suas le 30 lá sula gcuireann tú d’earraí i láthair do Chustaim. Má thaisceann tú dhearbhú idirthurais roimh chur i láthair, beidh ort fógra um láithriú a thíolacadh do Chustaim nuair atá d’earraí réidh lena n-easpórtáil.
  • Éascóidh sé seo clárú ‘Teagmhais ar an mbealach’. Ar an gcúis sin, tá ról oifige nua á thabhairt isteach, ar a dtugtar ‘Oifig Chláraithe na dTeagmhas’.
  • Déanfaidh sé nascadh go leictreonach lenár gcórais easpórtála uathoibríoch – an Chórais Iompórtála Uathoibríoch (CIU) chun tacú leis an gcás ‘idirthuras i ndiaidh easpórtáil’.
  • Cód HS sé dhigit a sholáthar do gach earra a ghluaiseann sa NCTS. Beidh sé seo roghnach le linn idirthréimhse an Aontais Eorpaigh (AE).

Tabhair do d’aire

Is é idirthréimhse an Aontais Eorpaigh a chuirfidh ar chumas Bhallstáit uile an Aontais NCTS-P5 a imscaradh. Meastar go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse seo ar an 1 Nollaig 2024. Beidh cuid de na rialacha gnó agus teicniúla difriúil le linn na hidirthréimhse seo. Tá sonraí ar fáil i NCTS-P5 trader guide.

Teachtaireachtaí nua in NCTS-P5:

  • An teachtaireacht ‘Fógra i leith dearbhú a leasú’ (IE022). Sa chás ‘idirthuras i ndiaidh easpórtáil’ seolann oifig na himeachta an fógra seo chuig sealbhóir an nós imeachta um idirthurais.
  • Nuair atá dearbhuithe idirthurais custam tíolactha roimh ré, is gá teachtaireacht 'Fógra um láithriú le haghaidh an dearbhú réamhthíolactha’ (IE170) a thíolacadh nuair atá na hearraí curtha i láthair.
  • Seoltar teachtaireacht ‘Fógra um theagmhas a sheoladh ar aghaidh do RÉ’ (IE182) chuig sealbhóir an nós imeachta um idirthurais nuair atá ‘Teagmhas ar an mbealach’ tar éis tarlú.
  • Baintear úsáid as an teachtaireacht ‘Nack Feidhmiúil’ (IE906) – chun earráidí bailíochtaithe gnó a thuairisciú, mar shampla sárú ar rialacha agus coinníollacha.
  • Úsáidtear teachtaireacht ‘XML Nack’ (IE917) chun teachtaireachtaí i leith earráidí bailíochtaithe chomhréire, mar shampla earráidí XSD, a dhiúltú.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin méid a athróidh faoin SNTC-P5 agus faoi na príomh-amlínte in NCTS-P5 presentation.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig UCCITDev@revenue.ie