Córas Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS)

An Córas leictreonach PoUS do T2L / T2LF agus Lastliosta Earraí Custaim (CGM)

Ní mór iarratais T2L agus T2LF a thíolacadh go leictreonach tríd an gCóras Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS).

Ón 15 Lúnasa 2025, ní mór CGM do PoUS a thíolacadh freisin tríd an gcóras PoUS.

Féadtar teacht ar an gcóras PoUS tríd an European Union (EU) Trader Portal.

Chun iarratas T2L / T2LF / CGM a thaisceadh ar an tairseach:

  • Ní mór deimhniú digiteach le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a bheith agat. Féadtar eolas a fháil faoi conas deimhniú ROS a fháil in Maidir le ROS.
  • Ní mór uimhir don Chóras um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI) a bheith agat agus ní mór a bheith cláraithe le haghaidh Custam agus Máil (C&M) ar ROS.
  • agus
  • Ní mór duit a bheith fíordheimhnithe sa tairseach do thrádálaithe. Tá sé seo á láimhseáil ag an gcóras um Bainistiú Comhionann Úsáideoirí & Sínithe Digiteacha (UUM&DS) in éineacht le ROS. Féadtar an córas UUM&DS a úsáid chun freagracht a leagan ar d’ionadaí custam maidir le hiarratais agus údaruithe (tarmligean).

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi leis na róil seo a chruthú agus a bhainistiú i Access Management through UUM&DS.

Tá an Proof of Union Status system eLearning Module forbartha ag Coimisiún an AE le haghaidh oibreoirí eacnamaíochta.

Féadtar tuilleadh eolais ar an gcóras leictreonach Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS) a fháil i eCustoms notification 29/2023.

Ar aghaidh: Buntáistí a bhaineann leis an gcóras Cruthúnas ar Stádas an Aontais (PoUS) do na T2Ls / T2LFs agus CGM