Tionscnamh fabhrach AE-an tSeapáin

Is éard atá i gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíochta (CCE) an AE–an tSeapáin ná comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach (AE) agus an tSeapáin. Faoin gcomhaontú seo, féadtar rátaí dleachta ar earraí trádáilte a laghdú nó a dhíothú. 

Más easpórtálaí lastaí earraí AE thú a bhfuil luach níos mó ná €6,000 orthu, féadtar leas a bhaint as tosaíochtaí CETA:

  • má chláraíonn tú don Chóras Easpórtálaithe Cláraithe (REX)
  • agus
  • má bhaineann tú úsáid as d’uimhir REX ar an ‘dearbhú tionscnaimh’ chun tosaíocht a éileamh ar theacht isteach sa tSeapáin. 

Tá sonraí faoin údarú chun an córas REX a úsáid ar fáil ag an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe.

Má iompórtálann tú earraí (de bhunadh na Seapáine) ón tSeapáin, féadtar éileamh a dhéanamh ar dhéileáil tosaíochta. Chun an t-éileamh seo a dhéanamh, ní mór ‘ráiteas bunúis’ déanta ag easpórtálaí Seapánach a bheith i do shonrasc nó i do dhoiciméad tráchtála.

De rogha air sin, féadtar éileamh a dhéanamh ar dhéileáil tosaíochta bunaithe ar ‘eolas an iompórtálaí’. Ní mór an fhaisnéis a bheith ag an iompórtálaí i bhfoirm doiciméad tacaíochta nó taifid curtha ar fáil ag an easpórtálaí nó ag an monaróir a bheith ina sheilbh/seilbh. Má tá tú ag iompórtáil ón tSeapáin, níl ort clárú in REX chun cáiliú le haghaidh rátaí dleachta fabhracha. 

Tugann an Coimisiún Eorpach treoir ar an CCE AE–an tSeapáin ar a suíomh idirlín agus ar Access2Markets.