Córas d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX)
Leis an gcóras REX, foráiltear do dheimhniú tionscnaimh:
Ligeann an córas REX d’easpórtálaí cláraithe tionscnamh fabhrach a dheimhniú. Déantar é seo trí dhearbhú sonrach a chur san áireamh ar an sonrasc nó ar dhoiciméad eile tráchtála ar a sainaithnítear na táirgí easpórtáilte.
Má tá luach faoi €6,000 ar do lasta, féadtar an ráiteas ar thionscnamh a dhéanamh gan aon dualgas a bheith cláraithe.
Feidhmíonn na tíortha tairbhe CGF an córas REX. Le haghaidh sonraí, féach an Registered Exporters System.
Má tá tú ag iompórtáil ó easpórtálaí cláraithe faoin gcóras CGF, ba chóir duit an uimhir REX a fhíorú ar an REX database.
Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX)
Ba chóir duit d'iarratais REX a chur isteach go leictreonach ar an gcóras REX. Féadtar teacht ar an gcóras REX tríd an EU Trader Portal.
Sula ndéanann tú iarratas ar REX, teastóidh na nithe seo a leanas uait:
- Deimhniú bailí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) - cinntigh go bhfuil do dheimhniú ROS fós bailí. Teastóidh an deimhniú ROS seo le rochtain ar an gcóras REX nó le rochtain a roinnt le do ghníomhaire. Féach Treoir maidir le ROS le haghaidh tuilleadh sonraí ar an gcaoi le clárú le haghaidh ROS.
- Clárúchán le haghaidh Custam agus Máil in ROS.
- Uimhir Chlárúcháin agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíochta (EORI) bailí.
Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar iarratais leictreonacha REX in eCustoms Notification 021/2021.
Tuilleadh eolais
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.