Earraí a iompórtáil d’eagraíochtaí carthanúla agus daonnúla

Féadann eagraíochtaí carthanúla agus daonnúla earraí áirithe a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam ná Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc orthu.

Féadfaidh sé go bhfuil na hearraí seo san áireamh:

  • Riachtanais bhunúsacha do dhaoine i ngátar, mar shampla, bia, leigheas, éadaí agus éadaí leapa. Chun cáiliú le haghaidh faoiseamh ó CBL, ní mór na hearraí a sholáthar saor ó tháille.
  • Míreanna a sheoltar saor ó tháille ag duine nó ag eagraíocht bunaithe taobh amuigh den AE. Ní mór na hearraí seo a úsáid le haghaidh tiomsú airgid ag imeachtaí ócáideacha carthanúla chun leasa daoine i ngátar.
  • Trealamh agus ábhair oifige seolta saor ó tháille ag duine nó ag eagraíocht bunaithe taobh amuigh den AE. Ní mór na hearraí seo a úsáid go heisiach chun na riachtanais oibríochta a chomhlíonadh nó chun aidhmeanna na heagraíochta nó an charthanais a bhaint amach.

Ní cheadaítear aon fhaoiseamh ar alcól ná táirgí tobac ná ar mhótarfheithiclí, seachas otharchairr.

Ní cheadaítear na hearraí seo a aistriú, a thabhairt ar iasacht ná a fhruiliú gan na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus na dleachtanna iompórtála a íoc. Féadtar, áfach, na hearraí a thabhairt ar iasacht nó a fhruiliú le heagraíochtaí a cháileodh don fhaoiseamh. Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas roimh aon aistriú.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Má iompórtálann tú riachtanais bhunúsacha le haghaidh daoine i ngátar, is gá duit dearbhú ón iompórtálaí a fháil. Ba chóir go ndeimhneofaí ar an dearbhú seo go bhfuil na hearraí le scaipeadh saor ó tháille ar dhaoine i ngátar.

Má iompórtálann tú:

  • earraí le haghaidh tiomsú airgid ag imeachtaí ócáideacha carthanúla chun leasa daoine i ngátar
  • trealamh nó ábhair oifige le húsáid ag do charthanas nó eagraíocht

beidh gá le litir ón seoltóir ina ndeimhnítear go bhfuil na hearraí á seoladh saor ó tháille gan aon rún tráchtála, chomh maith le ceann díobh seo a leanas, más cuí:

  • dearbhú ag an iompórtálaí ina sonraítear go bhfuil na hearraí beartaithe le haghaidh tiomsú airgid ag imeachtaí ócáideacha carthanúla chun leasa daoine i ngátar
  • dearbhú ag an iompórtálaí ina sonraítear go bhfuil na hearraí le húsáid chun a riachtanais oibríochta a chomhlíonadh, nó chun a n-aidhmeanna carthanúla a bhaint amach.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na doiciméid tacaíochta thuasluaite chun tacú le d’éileamh ar fhaoiseamh.

Ní mór do sheoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • ‘Earraí chun críocha carthanúla: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’ a mharcáil ar an bpacáiste.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

 Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar ‘earraí chun críocha carthanúla’ in DE/2/3
  • agus
  • an cód C20 a chur isteach in DE 1/11.

Earraí a iompórtáiltear do dhaoine ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin

Féadtar earraí a iompórtáil saor ó dhleachtanna iompórtála agus CBL a íoc lena ndáileadh do na daoine ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Ní mór na hearraí seo a dháileadh, nó a chur ar fáil, saor in aisce. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in ‘Treoir Bhreise’.

Cuireadh deireadh leis an bhfaoiseamh seo ar an 31 Nollaig 2022.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.