Saothair do bhailitheoirí agus saothair ealaíne a iompórtáil

Féadtar píosaí agus saothair ealaíne do bhailitheoirí a bhfuil tréithe oideachais, eolaíochta nó cultúrtha ag baint leo, saor ó Cháin Bhreisluacha (CBL) a íoc. Níl aon fhaoiseamh ó Dhleacht Custam ar na hearraí seo.

Chun leas a bhaint as an bhfaoiseamh tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm do shaothair do bhailitheoirí agus saothair ealaíne:

  • Ní mór tréithe oideachais, eolaíochta nó cultúrtha a bheith acu.
  • Ní fhéadann siad a bheith beartaithe lena ndíol.
  • Ní mór dóibh a bheith iompórtáilte ag iarsmalanna, dánlanna nó ag institiúidí eile ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cead isteach saor ó dhleacht do na hearraí seo.
  • Ní mór go n-iompórtáiltear na hearraí atá i gceist saor ó mhuirear nó, más rud é gur iompórtáladh iad le haghaidh íocaíocht, ní fhéadann duine incháinithe iad a sholáthar.

Cén chaoi le cur isteach ar an bhfaoiseamh

Ba chóir iarratas a dhéanamh leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh agus cur síos a dhéanamh ar na hearraí is mian leat a iompórtáil. Ba chóir duit an méid seo a dheimhniú:

  • go bhfuil siad le hiompórtáil saor ó mhuirear
  • más rud é gur iompórtáladh iad le haghaidh táille áfach, ní fhéadann duine incháinithe iad a sholáthar
  • nach bhfuil siad le díol.

Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil d’iarratas in ord, seolfaidh muid litir um údarú chugat.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an beart ‘Doiciméid agus earraí ilghnéitheacha: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar doiciméid agus earraí ilghnéitheacha a chur isteach in DE 2/3
  • agus
  • cód C36 a chur isteach in DE 1/11.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an litir um údarú thuasluaite uait chun tacú le d'éileamh ar fhaoiseamh.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.