Pacáistiú a iompórtáil agus a atheaspórtáil

Féadtar dearbhú ó bhéal a úsáid chun pacáistiú atá beartaithe le hatheaspórtáil nó hathiompórtáil líonta a iompórtáil nó a easpórtáil gan muirir iompórtála a íoc. Folaíonn pacáistiú boscaí, cliathbhoscaí, sorcóirí, caighin agus mar sin de.

Go ginearálta, ní theastaíonn urrús nuair a dhearbhaíonn tú d’earraí le foirm dhearbhaithe ó bhéal nó údarú le haghaidh dearbhú ó bhéal.

Údarú um dhearbhú ó bhéal

Má easpórtálann tú pacáistiú líonta nó folamh atá beartaithe agat a athiompórtáil go folamh nó líonta, ba chóir duit dearbhú ó bhéal a chomhlánú le haghaidh gach coinsíneacht. Is foirm pháipéir é seo de ghnáth a gcuirtear ar fáil do chustaim ag tráth na hiompórtála.

Áirítear sna cásanna a chlúdaíonn sé seo:

  • Pacáistiú folamh a iompórtáil – pacáistiú líonta a atheaspórtáil
  • Pacáistiú líonta a iompórtáil – pacáistiú folamh a atheaspórtáil
  • Pacáistiú folamh a easpórtáil – pacáistiú líonta a athiompórtáil
  • Pacáistiú líonta a easpórtáil – pacáistiú folamh a athiompórtáil.

Féadtar iarratas a dhéanamh ar údarú chun d’earraí a athiompórtáil gan dearbhú ó bhéal a chur ar fáil le haghaidh gach coinsíneacht. D’fhéadfadh an cineál seo údaraithe a bheith oiriúnach duit má dhéanann tú pacáistiú a iompórtáil agus a easpórtáil go minic.

Cén chaoi le cur isteach ar údarú um dhearbhú ó bhéal

Ba chóir duit foirm iarratais ar údarú um dhearbhú ó bhéal a chomhlánú agus í a sheoladh chuig customsreliefs@revenue.ie. Déanfaidh muid athbhreithniú ar do d’iarratas agus má tá gach rud in ord, seolfaidh muid uimhir údaraithe chugat.

Cén chaoi le húdarú um dhearbhú ó bhéal a úsáid

Ón 1 Eanáir 2021, ní mór d’oibreoirí bád farantóireachta atá ag iompar earraí idir Éire agus An Bhreatain Mhór uimhir thagartha d’Fhógra Réamhbhordála (FRB) a fháil ó na tiománaithe trucaile uile a thagann ar bord. Ní mór d’iompórtálaí nó ionadaí an t-iompórtálaí FRB bailí a chomhlánú agus é a chur ar fáil do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí an Bhreatain Mhór ar an mbealach go hÉirinn.  Ní mór don easpórtálaí nó ionadaí an t-easpórtálaí FRB bailí a chomhlánú agus é a chur ar fáil do Chustaim na hÉireann sula bhfágann na hearraí Éire ar a mbealach go dtí an Bhreatain Mhór. Agus FRB á chruthú agat, ní mór duit d’uimhir údaraithe a chur isteach sa réimse cuí chun an dearbhú ó bhéal a úsáid le haghaidh pacáistiú folamh nó pacáistiú ar ais.

Ní mór duit taifid a choinneáil ar iompórtáil agus easpórtáil an phacáistithe fholaimh, chomh maith le hatheaspórtáil agus athiompórtáil an phacáistithe líonta.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.