Cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha
    Rialacha maidir le cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha
Tá rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:
- na hearraí fanacht gan athrú
 
- na hearraí a aithint
 
- urrús
 
- an t-am a cheadaítear
 
- nósanna imeachta iompórtála agus ath-easpórtála
 
- agus
 
- toirmisc agus srianta.
 
Chomh maith leis na rialacha ginearálta, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm ar earraí áirithe le haghaidh díol féideartha:
- Ní mór coinsíneachtaí ar cheadú a ath-easpórtáil taobh istigh de shé mhí ó dháta na hiompórtála.
 
- Más rud é go ndíolann tú d’earraí taobh istigh den Aontas Eorpach (AE), ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar iompórtáladh na hearraí. Ní mór duit socrú a dhéanamh muirir iompórtála a íoc nó cuntas a thabhairt i leith na muirear iompórtála a íocadh ar éarlais. Teastóidh an méid seo:
- cóip de do dhearbhú leictreonach custam a úsáideadh nuair a d’iompórtáil tú d’earraí
 
- agus
 
- cóipeanna de na sonraisc chuí ó dhíol na n-earraí.
 
 
Ríomhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suim na muirear iompórtála dlite. Beidh ort do dhearbhú iompórtála leictreonach a leasú le léiriú cé acu na hearraí a iompórtáiltear go buan. Má úsáideadh ráthaíocht mar urrús, déanfar é seo a choigeartú dá réir.
      
  		Ar aghaidh: Saothair ealaíne, míreanna do bhailitheoirí agus seandachtaí