Rialacha agus nósanna imeachta um chead isteach sealadach

Rialacha ginearálta maidir le faoiseamh a fháil i leith cead isteach sealadach

Is iad seo a leanas na rialacha ginearálta chun faoiseamh a fháil ó chead isteach sealadach:

  • Na hearraí fanacht gan athrú — ní fhéadtar aon athrú a dhéanamh do na hearraí, seachas gnáth-dhímheas.
  • Aitheantas— is gá go bhféadtar na hearraí a aithint ag tráth na hatheaspórtála. Chuige seo, féadann na Coimisinéirí Ioncaim marcanna nó séalaí a chur ar na hearraí ag tráth na hiompórtála.
  • Urrús— ní mór, go hiondúil, urrús a chur ar fáil chun an dleacht a chlúdach ar na hearraí a iompórtálann tú go sealadach. Féadtar urrús a chur ar fáil ar na bealaí seo:
    • ATA carnet bailí a úsáid
    • éarlais a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála i leith shuim na dleachta atá iníoctha (aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo nuair a dhéantar na hearraí a atheaspórtáil)
    • ráthaíocht a chur ar fáil atá sínithe ag institiúid creidmheasa nó airgeadais creidiúnaithe leis an mBanc Ceannais. Féadtar cur isteach ar ráthaíocht leis an gCóras Cinntí Custam (CCC).
  • Am ceadaithe — leagann na Coimisinéirí Ioncaim teorann ama síos chun earraí a atheaspórtáil ag tráth na hiompórtála. Is é an uastréimhse cheadaithe go hiondúil ná 24 mí. Tá roinnt eisceachtaí ag baint leis seo ag brath ar chatagóir na n-earraí. Tá na teorannacha ama seo leagtha amach faoin gcatagóir sonrach earraí. Sa chás go gclúdaíonn carnet ATA na hearraí, ní mór iad a atheaspórtáil sula dtéann an carnet ATA in éag. Mura bhféadtar na hearraí a easpórtáil taobh istigh den teorainn ama shonraithe, féadann dleachtanna iompórtála a bheith i gceist.
  • Nósanna imeachta iompórtála agus atheaspórtála — ba chóir na hearraí a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncam ag tráth na hiompórtála agus na hatheaspórtála. Féach nósanna imeachta ag tráth na heaspórtála agus nósanna imeachta ag tráth na hatheaspórtála.
  • Earraí coiscthe nó srianta — tá cosc ar earraí áirithe agus tá earraí eile faoi réir coinníollacha nó féadfaidh sé go dteastaíonn ceadúnas lena n-aghaidh. Féach an t-eolas ar thoirmisc agus srianta.

Ar aghaidh: Iarratas leictreonach ar chead isteach sealadach