Carnets ATA – cead isteach agus easpórtáil shealadach ar earraí áirithe

Léargas ginearálta

Féadtar carnet ATA a úsáid mar rogha eile do na nósanna imeachta eile le haghaidh cead isteach sealadach d’earraí áirithe. Tá úsáid an carnet ATA faoi réir srian ar iompórtálacha den mhéid seo:

  • trealamh gairmiúil
  • earraí lena dtaispeáint nó lena n-úsáid ag taispeántais, aonaigh nó cruinnithe
  • agus
  • samplaí tráchtála.

Ní fhéadtar carnet ATA a úsáid le haghaidh earraí a sheoltar tríd an bpost.

Eisíonn comhlachais eisiúna carnets ATA i dtíortha rannpháirteacha, ceadaithe ag údaráis custam na tíre i gceist. Is é Dublin Chamber of Commerce (Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath) an Comhlachas náisiúnta Eisiúna agus Ráthaíochta in Éirinn faoin scéim carnet ATA. Féadtar sonraí a fháil uathu maidir le comhlachais fhaofa thar lear.

Féadtar iarratas a dhéanamh ar carnet ATA chomh maith más mian leat earraí a easpórtáil go sealadach ón tír eisiúna go tír eile. Déanfaidh an comhlachas eisiúna cinneadh faoi cén uair a bhíonn carnet oiriúnach.

An cuspóir le carnet ATA

Féadtar úsáid a bhaint as carnet ATA in áit gnáthdhoiciméid custam agus mar urrús i leith muirear ar iompórtálacha. Más mian leat earraí a iompórtáil le carnet ATA, ní mór duit a bheith sásta go mbeidh na hearraí incháilithe le haghaidh iompórtáil saor ó dhleacht.

Ar aghaidh: Coinsíneachtaí a scaradh