Cead isteach sealadach do shamplaí tráchtála

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun samplaí tráchtála chun críocha promóisin trádála, a iompórtáil go sealadach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort urrús a chur ar fáil nó do dhleacht a íoc ar taisce. Féadtar é seo a aiséileamh nuair a dhéanann tú do chuid earraí a ath-easpórtáil.  

Rialacha maidir le cead isteach sealadach do shamplaí tráchtála

Tá rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:

  • na hearraí fanacht gan athrú
  • na hearraí a aithint
  • urrús
  • an t-am a cheadaítear
  • na nósanna imeachta iompórtála agus ath-easpórtála
  • toirmisc agus srianta.

Chomh maith leis na rialacha ginearálta, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm ar shamplaí tráchtála:

  • Ní mór iad a úsáid go heisiach lena léiriú nó a thaispeáint san AE.
  • Ní mór na samplaí i gceist a iompórtáil i gcainníochtaí réasúnta, ag brath ar a n-úsáid.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.