Cead isteach sealadach d’earraí lena dtaispeáint nó lena n-úsáid ag taispeántais, aonaigh nó cruinnithe

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun earraí a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) lena dtaispeáint nó a úsáid ag taispeántais, aonaigh, cruinnithe, nó ag imeachtaí den chineál céanna. Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort:

  • urrús a chur ar fáil
  • do dhleacht a íoc ar éarlais. Féadtar é seo a aiséileamh nuair a dhéanann tú do chuid earraí a atheaspórtáil.

Rialacha i leith cead isteach sealadach d’earraí le haghaidh taispeántas, aonaigh nó cruinnithe

rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:

  • na hearraí fanacht gan athrú
  • na hearraí a aithint
  • urrús
  • an t-am a cheadaítear
  • na nósanna imeachta iompórtála agus atheaspórtála
  • toirmisc agus srianta.

Na cineálacha imeachtaí lena mbaineann sé seo

Baineann sé seo le hearraí a iompórtáladh lena dtaispeáint nó lena léiriú ag ceann de na himeachtaí seo:

  • taispeántas nó aonach trádála, tionscail, talmhaíochta nó ceardaíochta, nó seó nó taispeántas den chineál céanna
  • taispeántas nó cruinniú chun cuspóir charthanúil a chur chun cinn
  • taispeántas nó cruinniú chun iad seo a leanas a chur chun cinn:
    • aon brainse den léann, ealaín, ceardaíocht, spórt, nó gníomhaíocht eolaíochtúil, teicniúil, oideachasúil, cultúrtha, ceardchumann nó turasóireachta,
    • eolas reiligiúnda nó adhradh, nó cairdeas idir daoine
  • cruinniú d’ionadaithe ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó grúpaí d'eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • cruinniú ionadaithe oifigigh nó carachtair comórtha.

Tabhair do d’aire

Ní fhéadtar an nós imeachta seo a úsáid i ndáil le taispeántais a eagraítear chun críocha príobháideacha i siopaí nó in áitreabh gnó d’fhonn na hearraí iompórtáilte a dhíol.

Cé na hearraí a fhéadtar a iompórtáil le haghaidh na n-imeachtaí seo?

  • Earraí atá beartaithe lena dtaispeáint nó lena léiriú ag imeacht.
  • Earraí beartaithe lena n-úsáid i ndáil le léiriú táirgí iompórtáilte ag imeacht, lena n-áirítear:
    • earraí a úsáidtear chun gléasra nó fearas iompórtáilte atá le taispeáint, a léiriú
    • ábhar tógála agus maisiúcháin, lena n-áirítear feisteáin leictreacha, le haghaidh seastáin shealadacha do dhaoine atá bunaithe taobh amuigh den AE
    • ábhar fógraíochta agus léirithe agus trealamh eile atá ina ábhar poiblíochta le haghaidh na n-earraí iompórtáilte a léirítear, amhail taifeadtaí fuaime agus íomhánna, scannáin agus trédhearcáin, in éineacht leis an bhfearas a theastaíonn chun iad a úsáid.
  • Trealamh, lena n-áirítear trealamh ateangaireachta, fearas taifeadta fuaime agus íomhánna agus scannáin a bhfuil tréithe oideachasúla, eolaíochtúla nó cultúrtha ag baint leo, lena n-úsáid ag cruinnithe idirnáisiúnta, comhdhálacha agus comhthionóil.
  • Ainmhithe beo lena léiriú, nó le páirt a ghlacadh, in imeacht.
  • Táirgí a fhaightear le linn imeachta ó earraí, gléasra, fearas nó ainmhithe a iompórtáiltear go sealadach.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.