Samplaí a iompórtáil go buan

Féadtar samplaí d’earraí chun críocha promóisin trádála a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc orthu. Chun an faoiseamh seo a fháil, ní mór go mbainfeadh siad seo le d’earraí:

  • nach n-úsáidtear iad ach mar shamplaí
  • go bhfuil luach neamhbhríoch orthu
  • agus
  • go n-úsáidtear iad chun orduithe a fháil den chineál earraí atá á léiriú acu.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfaí samplaí neamh-inúsáidte díobh go buan. Féadtar na samplaí a stróiceadh, a pholladh, nó a mharcáil go doscriosta.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • litir um údarú liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus iad a mharcáil mar ‘dhoiciméid custam’.
  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • agus
  • marcáil an beart ‘Samplaí chun críocha promóisin trádála: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar samplaí chun críocha promóisin trádála
  • agus
  • cód C30 a chur isteach in D/E 1/11.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh