Carnets ATA – cead isteach agus easpórtáil shealadach ar earraí áirithe

Cead isteach sealadach ag baint úsáide as carnet ATA

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ba chóir don iompórtálaí na liostaí miondealaithe ar an taobh lastall den dearbhán iompórtála a chomhlánú. Ba chóir go léireofaí go soiléir na hearraí atá á n-iompórtáil. Ní mór don iompórtálaí na hearraí a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim lena scrúdú agus a imréiteach.

Nós imeachta ag tráth na hatheaspórtála

Ba chóir sonraí na n-earraí atá á n-iompórtáil a dhearbhú ar an taobh lastall den dearbhán atheaspórtála. Ba chóir an uimhir aitheantais chéanna a bheith ar na hearraí seo is atá ar an dearbhán iompórtála lenar iompórtáladh iad. Ní mór na hearraí a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim lena scrúdú agus a imréiteach.

Ní mór na muirir iompórtála chuí a íoc láithreach nuair a iarrtar é sna cásanna seo:

  • mura n-atheaspórtáiltear na hearraí iompórtáilte taobh istigh den am sonraithe agus ar an gcaoi cheart
  • má úsáidtear na hearraí chun críche eile seachas é sin ar tugadh údarú ina leith, le linn do na hearraí a bheith sa Stát.

Ar aghaidh: Easpórtáil shealadach ag baint úsáide as carnet ATA