Cead isteach sealadach do threalamh gairmiúil

Léargas ginearálta

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun trealamh gairmiúil áirithe a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort urrús a chur ar fáil nó do dhleacht a íoc ar taisce. Féadtar é seo a aiséileamh nuair a dhéanann tú do chuid earraí a ath-easpórtáil.

Féadtar páirteanna spártha a iompórtáil d’fhonn deisiúcháin trealaimh ghairmiúil a iompórtáladh go sealadach cheana féin. Féadtar iad seo a iompórtáil faoi na cúinsí céanna agus an trealamh gairmiúil.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le cead isteach sealadach do threalamh gairmiúil