Cead isteach sealadach do threalamh gairmiúil
Rialacha maidir le cead isteach sealadach do threalamh gairmiúil
Tá rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:
- na hearraí fanacht gan athrú
- na hearraí a aithint
- urrús
- an t-am a cheadaítear
- na nósanna imeachta iompórtála agus ath-easpórtála
- toirmisc agus srianta.
Chomh maith leis na rialacha ginearálta, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm ar threalamh gairmiúil:
- Ní mór gur le duine é atá bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE).
- Ní mór go n-iompórtáiltear é ag:
- duine atá bunaithe taobh amuigh den AE
- nó
- fostaí de chuid úinéir an trealaimh. Féadann an fostaí seo a bheith bunaithe san AE.
- Ní fhéadtar é a úsáid ach amháin ag an iompórtálaí, nó faoina maoirseacht. Ní bhaineann sé seo le cásanna de chomhléirithe closamhairc.
- Ní fhéadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun trealamh a iompórtáil a úsáidtear don mhéid seo thíos:
- déantús tionsclaíoch nó pacáistiú earraí
- saothrú acmhainní nádúrtha (seachas uirlisí láimhe)
- foirgnimh a thógáil, a dheisiú nó a chothabháil (seachas uirlisí láimhe)
- le haghaidh créchartadh agus tionscadail den chineál sin (seachas uirlisí láimhe).
Ar aghaidh: Samplaí de threalamh gairmiúil