Cead isteach sealadach do threalamh gairmiúil

Samplaí de threalamh gairmiúil

Trealamh don phreas, amhail:

  • ríomhairí pearsanta
  • trealamh facs
  • clóscríobháin
  • gach cineál ceamara (ceamaraí scannáin agus leictreonacha)
  • tarchur fuaime nó íomhánna, fearas taifeadta nó atáirgthe (taifeadáin téipe agus fístéipe agus atáirgeoirí físe, micreafóin, consóil measctha, callairí)
  • meán taifeadta fuaime nó íomhánna, bán nó taifeadta
  • ionstraimí agus fearais tástála agus tomhais (ascalagraif, córais tástála taifeadta téipeanna agus fístéipeanna, ilmhéadair, boscaí agus málaí uirlisí, veicteoirscóip, gineadóirí físeán agus mar sin de)
  • trealamh soilsiúcháin (spotsoilse, comhshóiteoirí, tríchosaigh)
  • oiriúintí oibríochtúla (caiséid, nochtmhéadair, lionsaí, tríchosaigh, taisc-chadhnraí, criosanna cadhnraí, luchtairí cadhnra, monatóirí).

Folaíonn trealamh don phreas feithiclí a dheartar nó a chuirtear in oiriúint go speisialta le húsáid leis an trealamh luaite thuas.

Trealamh craoltóireachta fuaime, amhail:

  • trealamh teileachumarsáide, mar shampla, tarchuradóirí/glacadóirí nó tarchuradóirí craoltóireachta, teirminéil incheangailte le líonra nó cábla, naisc satailíte
  • trealamh táirgthe closmhinicíochta (glacaire fuaime, fearas taifeadta nó atáirgthe)
  • ionstraimí agus fearais tástála agus tomhais (ascalagraif, córais tástála taifeadta téipeanna agus fístéipeanna, ilmhéadair, boscaí agus málaí uirlisí, veicteoirscóip, gineadóirí físeán agus mar sin de)
  • oiriúintí oibríochtúla (cloig, stopuaireadóirí, compáis, micreafóin, consóil measctha. téipeanna fuaime, foirne gineadóireachta, claochladáin, cadhnraí agus taisc-chadhnraí, luchtairí cadhnra, téamh, fearas aerchóireála agus aerála agus mar sin de)
  • meán taifeadta fuaime, bán nó taifeadta.

Trealamh craoltóireachta fuaime, lena n-áirítear feithiclí a dheartar nó a chuirtear in oiriúint go speisialta le húsáid leis an trealamh luaite thuas.

Trealamh craoltóireachta teilifíse, amhail:

  • ceamaraí teilifíse, teilea-phictiúrlann
  • ionstraimí agus fearas tástála agus tomhais
  • fearas tarchuradóireachta agus atarchuradóireachta
  • fearas cumarsáide
  • fearas taifeadta nó atáirgthe (taifeadáin téipe agus fístéipe agus atáirgeoirí físe, micreafóin, consóil measctha, callairí)
  • trealamh soilsiúcháin (spotsoilse, comhshóiteoirí, tríchosaigh)
  • trealamh eagarthóireachta
  • oiriúintí oibríochtúla (cloig, stopuaireadóirí, compáis, lionsaí, nochtmhéadair, tríchosaigh, luchtairí cadhnra, caiséid, claochladáin, cadhnraí agus taisc-chadhnraí, téamh, fearas aerchóireála agus aerála agus mar sin de)
  • meán taifeadta fuaime nó íomhánna, bán nó taifeadta (teidil chreidiúna, glao-chomharthaí stáisiúin, míreanna ionsáite ceoil agus mar sin de)
  • mearphriontaí scannáin
  • uirlisí ceoil, feistis, radharcra agus airnéis eile stáitse, coisithe ceamara, ábhar smididh agus triomadóirí gruaige.

Trealamh craoltóireachta teilifíse, lena n-áirítear feithiclí a dheartar nó a chuirtear in oiriúint go speisialta le húsáid leis an trealamh luaite thuas.

Trealamh cineamatagraif, amhail:

  • gach cineál ceamara (ceamaraí scannáin agus leictreonacha)
  • ionstraimí agus fearais tástála agus tomhais (ascalagraif, córais tástála taifeadta téipeanna agus fístéipeanna, ilmhéadair, boscaí agus málaí uirlisí, veicteoirscóip, gineadóirí físeán agus mar sin de)
  • dalaithe ceamara agus búmanna
  • trealamh soilsiúcháin (spotsoilse, comhshóiteoirí, tríchosaigh)
  • trealamh eagarthóireachta
  • fearas taifeadta nó atáirgthe (taifeadáin téipe agus fístéipe agus atáirgeoirí físe, micreafóin, consóil measctha, callairí)
  • meán taifeadta fuaime nó íomhánna, bán nó taifeadta (teidil chreidiúna, glao-chomharthaí stáisiúin, míreanna ionsáite ceoil agus mar sin de)
  • mearphriontaí scannáin
  • oiriúintí oibríochtúla (cloig, stopuaireadóirí, compáis, micreafóin, consóil measctha. téipeanna fuaime, foirne gineadóireachta, claochladáin, cadhnraí agus taisc-chadhnraí, luchtairí cadhnra, téamh, fearas aerchóireála agus aerála agus mar sin de), uirlisí ceoil, feistis, radharcra agus airnéis eile stáitse, coisithe ceamara, ábhar smididh agus triomadóirí gruaige.

Folaíonn trealamh cineamatagrafach, chomh maith, feithiclí a dheartar nó a chuirtear in oiriúint go speisialta le húsáid leis an trealamh luaite thuas.

Trealamh eile, amhail:

  • Trealamh chun innealra, gléasra, modhanna iompair agus mar sin de, a thógáil, a thástáil, a choimisiúnú, a sheiceáil, a rialú, a chothabháil, nó a dheisiú, amhail:
    • uirlisí
    • trealamh agus ionstraimí tomhais, seiceála nó tástála (teocht, brú, achar, airde, dromchla, luas agus mar sin de) lena n-áirítear ionstraimí leictreacha (voltmhéadair, aimpmhéadair, cáblaí tomhais, comparadóirí, claochladáin, ionstraimí taifeadta agus mar sin de) agus díreoga
    • fearas agus trealamh chun grianghraif a thógáil de mheaisíní nó gléasra, le linn nó tar éis na tógála
    • fearas chun suirbhéireacht a dhéanamh ar shoithigh.
  • Trealamh riachtanach le haghaidh daoine gnó, comhairleoirí éifeachtúlachta gnó, saineolaithe táirgiúlachta, cuntasóirí agus comhaltaí i ngairmeacha comhchosúla, amhail:
    • ríomhairí pearsanta
    • clóscríobháin
    • fearas tarchuradóireachta, taifeadta nó atáirgeachta fuaimeanna nó íomhánna
    • ionstraimí agus fearas ríomha.
  • Trealamh riachtanach le haghaidh saineolaithe a dhéanann suirbhéanna topagrafacha nó obair sirtheoireachta geoifisicí, amhail:
    • gléasanna agus fearas tomhais
    • trealamh druileála
    • trealamh tarchuradóireachta agus cumarsáide.
  • Trealamh riachtanach do shaineolaithe ag troid i gcoinne truailliú.
  • Ionstraimí agus fearas riachtanach le haghaidh dochtúirí, máinlianna, tréidlianna, cnáimhsigh agus comhaltaí i ngairmeacha comhchosúla.
  • Trealamh riachtanach le haghaidh seandálaithe, pailé-ointeolaithe, tíreolaithe, zú-eolaithe agus eolaithe eile.
  • Trealamh riachtanach le haghaidh siamsóirí, comhlachtaí amharclannaíochta agus ceolfhoirne, lena n-áirítear na hearraí uile a úsáidtear le haghaidh léirithe poiblí nó príobháideacha (uirlisí ceoil, feistis, radharcra agus mar sin de).
  • Trealamh riachtanach do léachtóirí lena léachtaí a léiriú.
  • Trealamh riachtanach le haghaidh turais ghrianghrafadóireachta (gach cineál ceamara, caiséad, nochtmhéadar, lionsa, tríchosach, taisc-chadhnra, crios cadhnra, luchtaire cadhnra, monatóir, trealamh soilsiúcháin, earraí agus oiriúintí faisin le haghaidh mainicíní agus mar sin de).

Feithiclí a dheartar nó a chuirtear in oiriúint go speisialta le húsáid leis an trealamh thuas, amhail aonaid mhóibíleacha chigireachta, ceardlanna taistil agus saotharlanna taistil.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.