Soláthar poiblí

Léargas ginearálta

Tá an uile Roinn agus Oifig Rialtais, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, á rialáil ag Treoirlínte náisiúnta agus ag réimse Treoracha ón Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgí agus seirbhísí a sholáthar. 

In Éirinn, aistríodh na treoracha seo go díreach isteach ina ndlí náisiúnta. Baineann na nósanna imeachta sna Treoracha leis an uile chineál soláthair thar thairseacha sainithe. 

Bunaítear na nósanna imeachta um sholáthar poiblí ar: 

  • prionsabail na hoscailteachta do gach tairiscint
  • nósanna imeachta dámhachtana atá neamh-idirdhealaitheach
    agus
  • trédhearcacht agus cothroime ag déileáil le freagróirí. 

Mar shampla, aon eolas a thugtar d’fhreagróir amháin, tabharfar é dóibh siúd uile a fuair na doiciméid tairisceana. 

Féadfar breathnú ar na Treoracha ar shuíomh soláthair an Aontais Eorpaigh, – SIMAP

Foilsíonn an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) na Treoirlínte um Sholáthar Poiblí. 

Suíomh eile inspéise Eorpach is ea  Tenders Electronic Daily (TED) ar a léirítear gach deis tairisceana Eorpacha.

Ar aghaidh: Nósanna imeachta um sholáthar poiblí