Soláthar poiblí

Abhcóide a ainmniú

Cuireann Dlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim seirbhís chuimsitheach tacaíochta dlí do na Coimisinéirí Ioncaim. Gníomhaíonn Dlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim, agus cuireann an Dlíodóir comhairle ar fáil i dtaca le gach ábhar faoina gcúram agus faoina mbainistiú, lena n-áirítear: 

  • stiúradh dlíthíocht agus achomhairc
  • cionta coiriúla a ionchúiseamh.

Tá timpeall 40 duine ag obair ar fhoireann Rannóg Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear dlíodóirí, cléirigh dlí agus foireann tacaíochta.

Abhcóidithe ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad le haghaidh obair chomhairle agus obair chúirte araon, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh tríd an Counsel/barrister application form a chomhlánú.

Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe agus shínithe, in éineacht le Deimhniú Imréitigh Cánach suas chun dáta, a sheoladh chuig:

Dlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim
Geata Shráid na gCaorach
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2

nó trí ríomhphost chuig revsolrcustserv@revenue.ie