Soláthar poiblí

Nósanna imeachta um sholáthar poiblí

Iarraidh ar Thairiscintí

Foilsítear ar thairseach soláthair Rialtais www.etenders.gov.ie gach:

  • glaoch ar chomórtas
  • iarraidh ar eolas
  • Fógraí Réamhfhaisnéise
  • iarraidh ar thairiscintí arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag an Oifig um Sholáthar Rialtais.

Deiseanna reatha soláthair le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Roghnaigh 'Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim' faoi Shainchuardach Catagóire.

Treoirlínte

Gach conradh a bhfuil luach measta os cionn €25,000 aige agus faoin tairseach AE €135,000, ní mór é a fhógairt ar www.etenders.gov.ie agus a dhámhachtain de réir na dTreoirlínte Náisiúnta um Sholáthar Poiblí.

Gach conradh a bhfuil luach measta os cionn an tairsigh AE €135,000, ní mór é a fhógairt ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU). Déantar conarthaí a dhámhachtain de réir fhorálacha na Treorach 2014/24/AE um Sholáthar Poiblí. Aistríodh an Treoir seo isteach ina dlí náisiúnta trí Rialacháin (I.R. Uimh. 284 de 2016) de chuid an Aontais Eorpaigh (Conarthaí Údarás Poiblí a Dhámhachtain).

Is roimh Cáin Bhreisluacha (CBL) a ghearradh a luaitear gach luach conartha.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí prasa chuig soláthraithe gnó