Rialacha agus nósanna imeachta um chead isteach sealadach

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ba chóir duit d’earraí a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála.

Earraí a dhearbhaítear le dearbhú leictreonach iompórtála

Má tá tú ag cur isteach ar chead isteach sealadach trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid agus an méid seo a leanas a chur isteach ar do dhearbhú:

  • cód 53 in DE 1/10
  • an cód nós imeachta D cuí in DE 1/11
  • an dáta a easpórtálfar na hearraí, san fhormáid 1D99 TA LL-MM-BBBB in DE 2/3.

Is éard a bheidh mar uimhir tagartha iompórtála leictreonaí ná d’uimhir údaraithe.

Má chuir tú isteach ar chead isteach sealadach leis an gCóras Cinntí Custam (CDC) ba chóir an uimhir údaraithe a lua in DE 2/3 de do dhearbhú leictreonach iompórtála.

Ag tráth na hiompórtála, déanfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim scrúdú ar d’earraí agus cinnteoidh siad go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh an nós imeachta um chead isteach sealadach. Nuair a ghlactar le do dhearbhú iompórtála leictreonach, tugtar údarú duit an nós imeachta a úsáid.

Earraí a dhearbhaítear faoi carnet ATA

Má tá tú ag úsáid carnet ATA, ba chóir duit liosta a thabhairt de na hearraí atá á n-iompórtáil ar an taobh lastall den dearbhán cuí iompórtála. Déanfaidh an t-oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an dearbhán iompórtála agus an comhdhuille a shíniú agus bainfidh siad an dearbhán iompórtála. Cuirfidh an t-oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an dáta deiridh isteach le haghaidh atheaspórtáil na n-earraí agus tabharfaidh siad an carnet ar ais duit. Ní bheidh an dáta deiridh le haghaidh atheaspórtála níos déanaí ná an dáta a théann bailíocht an carnet in éag.

Earraí a dhearbhaítear faoi dhearbhú ó bhéal do Chustaim

Ba chóir do oral declaration inventory form a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim, i ndúblach, ag tráth na hiompórtála. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dá chóip den fhoirm a stampáil agus a shíniú agus tabharfaidh ceann ar ais don iompórtálaí.

Ar aghaidh: Cead isteach sealadach trí dhearbhú ó bhéal do Chustaim