Rialacha agus nósanna imeachta um chead isteach sealadach

Iarratas leictreonach ar chead isteach sealadach

Iarratas le dearbhú leictreonach iompórtála

Má bhaineann tú úsáid as an nós imeachta um chead isteach sealadach ó am go ham, ba chóir duit:

  • an t-iarratas a dhéanamh le dearbhú leictreonach iompórtála
  • agus
  • urrús a chur ar fáil mar éarlais airgid chun na muirir iompórtála a chlúdach i leith na n-earraí. Féadtar an éarlais airgid seo a aiséileamh nuair a dhéanann tú do chuid earraí a atheaspórtáil.

Iarratas tríd an gCóras Cinntí Custam

Más rud é go n-iompórtálann tú earraí go rialta faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, teastaíonn údarú. Ba chóir duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Iarratas a dhéanamh an t-údarú seo a fháil leis an gCóras Cinntí Custam (CCC). Nuair a dhéantar d’iarratas a phróiseáil in CCC, gheobhaidh tú uimhir údaraithe.
  • Luaigh d’uimhir údaraithe in DE 2/3 de do dhearbhú leictreonach iompórtála.
  • Déan iarratas ar ráthaíocht chuimsitheach mar chineál urrúis chun fiachas custam poitéinsiúil nó reatha a chlúdach. Féadtar iarratas a dhéanamh ar ráthaíocht chuimsitheach tríd an gcóras CCC. Féadann an ráthaíocht chuimsitheach seo a bheith mar éarlais airgid nó gealltanas sínithe ag:
    • institiúid creidmheasa
    • institiúid airgeadais
    • comhlacht árachais arna cheadú ag an mBanc Ceannais.

Cead isteach sealadach nuair atá breis agus Ballstát amháin i gceist

Más rud é go bhfuil an méid seo a leanas san áireamh leis an gcead isteach sealadach:

  • go bhfuil breis agus Ballstát amháin i gceist
  • agus
  • gurb í Éire an chéad tír ina n-úsáidfidh tú d’earraí

ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh tríd an CCC.

Ar aghaidh: Cead isteach sealadach ag baint úsáid as carnet ATA