Córas um Chinntí Custam (CDS)

Léargas ginearálta

Faoi Chód Custam an Aontais (UCC) foráiltear nach mór an uile chumarsáid a dhéanann tú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha custam a dhéanamh go leictreonach.

Faoin gCDS, féadann trádálaithe tairseach do thrádálaithe Aontas Eorpach (AE) a úsáid chun cur isteach ar chinntí custam agus iad a bhainistiú go leictreonach. Tá an CDS a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil i ndáil le 22 cinneadh sonrach custam.

Is córas lárfhorbartha de chuid an AE é an CDS. Cuireadh i bhfeidhm é go comhuaineach leis an Uniform User Management and Digital Signature system (UUMDS). Leis an UUMDS, féadann oibreoirí eacnamaíocha agus a gcuid ionadaithe rochtain a fháil ar Thairseach Trádálaithe an AE.

Baintear úsáid as an CDS le haghaidh:

  • gach iarratas agus cinneadh a bhféadfadh tionchar a bheith aige i mbreis agus Ballstát amháin
  • agus
  • aon neamhniú, fionraí, aisghairm nó leasú ina dhiaidh sin ar údarú.

Baineann Éire úsáid as an CDS chomh maith chun cinntí náisiúnta custam a bhainistiú, is é sin iad siúd nach bhfuil feidhm leo ach amháin in Éirinn.

Na príomhghnéithe

Faoin gcóras CDS:

  • féadtar iarratais agus údaruithe a phróiseáil agus a stóráil go leictreonach
  • féadann trádálaithe cur isteach ar chinntí custam agus iad a bhainistiú in aon chomhéadan AE amháin
  • féadann údaráis custam an AE dul i gcomhairle a chéile maidir le húdaruithe a dheonú agus a bhainistiú, ar údaruithe iad atá bailí i mbreis agus Ballstát amháin
  • cuirtear rochtain córas ar chóras ar fáil dár gcórais iompórtála, easpórtála agus idirthurais ar fhaisnéis údaraithe. Cuireann seo ar chumas na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil gurb ann do chinneadh custam áirithe agus go bhfuil sé bailí.

Ar aghaidh: Cén chaoi le cur isteach ar chinntí custam leis an CDS