Córas um Chinntí Custam (CDS)

Cén chaoi le cur isteach ar chinntí custam leis an CDS

Cén áit le hiarratas a dhéanamh

Ba chóir iarratas a dhéanamh leis an údarás custam sa Bhallstát ina bhfuil an méid seo:

  • do phríomhchuntais custam coinnithe agat
  • agus
  • ar a laghad cuid de na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcinneadh custam cuí déanta agat.

Tabhair do d'aire

Nuair atáthar ag cur isteach ar aon cheann de na 22 cinneadh custam in Éirinn, ba chóir duit an oifig custam IENEN003 a roghnú mar an Údarás Custam um Dhéanamh Cinntí.

Céard is gá do thrádálaithe a dhéanamh?

Ba chóir an méid seo a leanas a dhéanamh le cinntiú go bhféadtar teacht ar an CDS:

Cén chaoi le teacht ar an CDS

Féadann oibreoirí eacnamaíocha teacht ar an gcóras sa European Union trader portal. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit a bheith fíordheimhnithe sa tairseach do thrádálaithe. Tá sé seo á láimhseáil ag an gcóras um Bainistiú Comhionann Úsáideoirí agus Sínithe Digiteacha (UUMDS), in éineacht le ROS.

Féadtar an córas UUMDS a úsáid chun freagracht a leagan ar d’ionadaí custam maidir le hiarratais agus údaruithe (tarmligean).

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi leis na róil seo a chruthú agus a bhainistiú in Access management through UUMDS.

Ar aghaidh: Céard a fhéadtar a dhéanamh sa CDS