Rialacha agus nósanna imeachta um chead isteach sealadach

Cead isteach sealadach trí dhearbhú ó bhéal do Chustaim

Má iompórtálann tú na hearraí seo a leanas, féadtar iad a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim le foirm fardail um dhearbhú ó bhéal:

  • Earraí pearsanta agus earraí chun críocha spóirt.
  • Pailéid, coimeádáin, agus modhanna iompair agus páirteanna spártha, oiriúintí agus trealamh le haghaidh na bpailéad sin, coimeádáin agus modhanna iompair.
  • Trealamh leighis, máinliachta agus saotharlainne a sholáthraítear ar iasacht i gcás éigeandála d’ospidéal.
  • Ábhair leasa do mharaithe a úsáidtear ar shoitheach i mbun tráchta muirí idirnáisiúnta.
  • Ainmhithe, ar an gcoinníoll go bhfuil siad beartaithe le haghaidh buailteachais nó féaraigh nó chun obair a dhéanamh nó le haghaidh iompair.
  • Trealamh faoi úinéireacht agus in úsáid ag duine bunaithe in imeallchrios de chuid tríú tír. Ní mór don imeallchrios seo a bheith cóngarach don imeallchrios san Aontas Eorpach (AE) ina n-úsáidfear na hearraí.
  • Ionstraimí agus fearas riachtanach do dhochtúir chun cabhair a chur ar fáil d’othar ag fanacht ar thrasphlandú orgáin.
  • Uirlisí iniompartha ceoil iompórtáilte ag taistealaí beartaithe le húsáid mar threalamh gairmiúil.
  • Ábhar fóirithinte anachaine a úsáidtear chun éifeachtaí anachana, nó suíomhanna comhchosúla a fhritháireamh.
  • Pacálacha iompórtáilte agus iad lán nó folamh agus beartaithe le haghaidh atheaspórtála. Féadann na pacálacha seo a bheith folamh nó líonta, agus marcanna buana orthu arna sainaithint mar dhuine bunaithe laistigh nó taobh amuigh den AE.
  • Trealamh léiriúcháin agus craoltóireachta raidió agus teilifíse, agus feithiclí a chuirtear in oiriúint go speisialta lena n-úsáid leo.

Eagraíochtaí a bhfuil an méid seo a leanas á iompórtáil acu:

  • trealamh léiriúcháin agus craoltóireachta raidió agus teilifíse
  • agus
  • feithiclí a chuirtear in oiriúint go speisialta lena n-úsáid leis an trealamh seo

ní mór dóibh a bheith bunaithe taobh amuigh den AE.

Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim eagraíochtaí dá leithéid a cheadú. Ní mór iarratais ar cheadú a chur chuig an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.

Ní theastaíonn urrús nuair a dhearbhaíonn tú d’earraí le dearbhú custam ó bhéal. Sa chás, áfach, go bhfuil leibhéal ard muirear iompórtála i gceist, féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort dleacht a íoc ar éarlais.

Má dhéanann tú dearbhú ó bhéal, ní mór duit an oral declaration inventory form a chomhlánú i ndúblach. Ní mór an fhoirm a bheith sínithe agus dáta curtha air ag an iarratasóir.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip amháin den fhoirm a fhormhuiniú, agus seolfaidh ar ais chugat é. Ní mór an chóip seo, in éineacht leis na hearraí, a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim ag tráth agus ag áit na atheaspórtála.

Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hatheaspórtála