Cead isteach sealadach d’earraí chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála
Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun earraí a iompórtáil le haghaidh scrúdaithe, anailíse nó tástála ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort urrús a chur ar fáil nó do dhleacht a íoc ar éarlais. Féadtar é seo a aiséileamh nuair a dhéanann tú do chuid earraí a ath-easpórtáil.
Na cineálacha earraí a fhéadtar a iompórtáil
Féadtar an méid seo a leanas a iompórtáil:
- Earraí de chineál ar bith faoi réir tástálacha, turgnaimh nó taispeántais.
 
- Earraí iompórtáilte, faoi réir tástálacha sásúla inghlacthachta i ndáil le conradh díolacháin.
 
- Earraí a úsáidtear chun tástálacha, turgnaimh nó taispeántais a dhéanamh gan gnóthachan airgeadais. Ní mór na hearraí seo a ath-easpórtáil taobh istigh de shé mhí.
 
Rialacha i leith cead isteach sealadach d’earraí chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála
Tá rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:
- na hearraí fanacht gan athrú
 
- na hearraí a aithint
 
- urrús
 
- an t-am a cheadaítear
 
- na nósanna imeachta iompórtála agus atheaspórtála
 
- toirmisc agus srianta.
 
Ní mór duit dearbhú a chur ar fáil ag sonrú na cúise a bhfuil na hearraí á n-iompórtáil go sealadach. Ní mór duit deimhniú chomh maith nach bhfuil earraí a úsáidtear chun tástálacha, turgnaimh nó taispeántais a dhéanamh le haghaidh brabúis.
Tuilleadh eolais
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.