Earraí a iompórtáil go buan chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála

Féadtar earraí a iompórtáil chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc orthu.

Ní mór an scrúdú, anailís nó na tástálacha a dhéanamh:

  • chun cáilíocht chomhdhéanaimh, nó tréithe teicniúla eile na n-earraí a dheimhniú
  • agus
  • chun críocha eolais nó taighde.

Céard iad rialacha an fhaoisimh?

  • Ní mór na hearraí a ídiú ina n-iomláine, nó a scriosadh le linn an scrúdaithe, anailíse nó tástála. Sa chás nach n-ídítear iad, féadann na Coimisinéirí Ioncaim aontú, go ndéantar an méid seo a leanas, faoina maoirseacht, leis na hearraí fanta:
    • go scriostar go hiomlán iad, nó go gcuirtear ó mhaith iad
    • go ngéilltear don Stát iad, gan aon chostas a thabhú, sa chás go bhféadtar é seo a dhéanamh
    • go n-easpórtáiltear taobh amuigh den AE iad, i gcúinsí áirithe. 
  • Ní mór duit Dleacht Custam agus CBL a íoc ar aon táirgí fanta ar dháta críochnaithe an scrúdaithe, na hanailíse nó na dtástálacha. Féadtar iarratas a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun cead a fháil aon táirgí fanta a thiontú isteach ina ndramhaíl nó fuíoll. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim aontú Dleacht Custam agus CBL a ghearradh ag an ráta a bhaineann le dramhaíl nó fuíoll ar dháta an tiontaithe.

Cén chaoi le cur isteach ar an bhfaoiseamh

Ba chóir duit cur isteach ar cheadú leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh sula n-iompórtálann tú d’earraí. Ba chóir an méid seo a leanas a bheith i d’iarratas:

  • cur síos a dhéanamh ar na hearraí is mian leat a iompórtáil
  • agus
  • achoimre a thabhairt ar na cineálacha tástálacha, scrúduithe nó anailíse atá á mbeartú agat. 

Eagróidh an tAonad um Údaruithe agus Faoisimh cruinniú le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Ag an gcruinniú seo, pléifidh muid:

  • na cineálacha taifead is gá duit a choinneáil
  • agus
  • an tréimhse nach mór na scrúduithe, anailísithe nó tástálacha a dhéanamh lena linn, bunaithe ar na cineálacha earraí atá i gceist.

Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil d’iarratas in ord, seolfaidh muid litir um údarú chugat ina mbeidh uimhir tagartha uathúil.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
  • cur siós cruinn
  • cód tráchtearra
  • agus
  • an luach.
  • marcáil an beart ‘Earraí chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar 'earraí chun críocha scrúdaithe, anailíse nó tástála' in DE 2/3
  • cód C33 a chur isteach in DE 1/11
  • agus
  • cód 1D09 agus uimhir údaraithe ó do litir um údarú a chur isteach in DE 2/3.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an litir um údarú, dá dtagraítear thuas, chun tacú le d'éileamh ar fhaoiseamh.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.