Cead isteach sealadach do bháid áineasa agus aerárthaí príobháideacha

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun an méid seo a leanas a iompórtáil go sealadach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Chustaim agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • báid áineasa agus aerárthaí le haghaidh úsáid phríobháideach
  • páirteanna spártha, oiriúintí agus trealamh chun deisiúcháin bheaga nó cothabháil a dhéanamh ar na báid nó aerárthaí. Féadtar iad a iompórtáil leis, nó ar leithligh, ón mbád nó aerárthaí lena mbaineann siad.

Ní mór don bhád nó don aerárthach a bheith:

  • cláraithe taobh amuigh den AE in ainm duine atá bunaithe taobh amuigh den AE
  • i gcás nach bhfuil sé cláraithe, ní mór úinéireacht a bheith air ag duine atá bunaithe taobh amuigh den AE.

Rialacha a bhaineann le hiompórtáil shealadach bád áineasa agus aerárthaí príobháideacha

Baineann na rialacha seo a leanas le cead isteach sealadach i leith báid áineasa agus aerárthaí príobháideacha:

Tréimhse cheadaithe

Ní mór duit an bád áineasa nó aerárthach a atheaspórtáil taobh istigh den teorainn ama tar éis an dáta iompórtála:

  • báid áineasa – 18 mí
  • aerárthaí príobháideacha – sé mhí.

Úsáid shrianta

Ní cheadaítear an bád nó aerárthach a aistriú, a thabhairt ar iasacht nó a fhruiliú. Go ginearálta, ní fhéadann ach na daoine seo a leanas an bád nó aerárthach a úsáid:

  • tú féin, do chéile nó neasteaghlach a bhfuil cónaí orthu de ghnáth taobh amuigh den AE
  • duine a bhfuil cónaí orthu san AE, má tá siad ag gníomhú ar do shon, go díreach nuair atá tú san AE.

Nós imeachta ag tráth iompórtála agus easpórtála an bháid nó aerárthaigh

De ghnáth, níl foirmiúlachtaí ag na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála agus na heaspórtála. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, doiciméid a iarraidh le cúinsí na hiompórtála a dheimhniú.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.