Earraí lena n-úsáid ag monarcaí nó cinn stáit (pribhléid taidhleoireachta)

Féadtar earraí áirithe atá le húsáid acu seo a leanas a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • monarcaí, cinn stáit
  • daoine aonair le stádas taidhleoireachta (pribhléid taidhleoireachta).

Céard iad na hearraí a cháilíonn don fhaoiseamh?

Áirítear na hearraí seo a leanas:

  • bronntanais do mhonarcaí atá i gcoróin agus cinn stáit
  • earraí le húsáid nó le caitheamh ag monarcaí atá i gcoróin, ag cinn stáit ó thíortha neamh-Aontais Eorpaigh (AE) (nó daoine ar a son go hoifigiúil), le linn a bhfanacht oifigiúil san Aontas Eorpach (AE) (ní cheadaítear ach amháin nuair atá an faoiseamh cómhalartach)
  • agus
  • earraí le húsáid nó le caitheamh ag taidhleoirí le linn a bhfanacht oifigiúil san AE.

Deimhníonn an Fho-Rannóg Prótacail sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádál stádas taidhleoireachta oifigiúil duine aonair.

Tabhair do d’aire

Cailleann Taidhleoirí Éireannach atá ag obair thar lear a stádas taidhleoireachta nuair a filleann siad ar Éirinn. Dá bhrí sin, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar an bhfaoiseamh faoi Cónaitheacht a Aistriú.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.