Earraí a iompórtáil do dhaoine dalla

  1. Léargas ginearálta
  2. Cé a fhéadann an faoiseamh a fháil?
  3. Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Cé a fhéadann an faoiseamh a fháil?

Más duine dall thú féadtar faoiseamh a fháil ó Dleacht Custaim a íoc má tá tú ag iompórtáil earraí Annex I agus Annex II le haghaidh d’úsáid féin. Níl aon fhaoiseamh ó Cháin Bhreisluacha (CBL), áfach.

Más institiúid nó eagraíocht thú a soláthraíonn oideachas nó cabhair do dhaoine dalla, deonófar faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL más rud é:

Féadtar, chomh maith, na hearraí a leanas a iompórtáil chun úsáid leis na hearraí Annex I nó II saor ó mhuirir dleachta:

  • páirteanna spártha, comhpháirteanna agus páirteanna coimhdeacha
  • uirlisí a úsáidtear le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála.

Ní bhaineann faoiseamh ó CBL ach amháin leis na hearraí seo má bhain sé le hearraí Annex I nó Annex II a iompórtáladh ar dtús.

Ní cheadaítear earraí iompórtáilte le faoiseamh ó dhleachta iompórtála a aistriú, a thabhairt ar iasacht nó a fhruiliú gan na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus na dleachta iompórtála a íoc.

Féadfaidh tú, áfach, na hearraí a iasacht, a fhruiliú nó a aistriú chuig duine, eagraíocht nó institiúid a cháileodh don fhaoiseamh seo chomh maith. Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas roimh aon aistriú.

Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hiompórtála