Earraí do dhaoine atá faoi mhíchumas a iompórtáil

Féadtar earraí áirithe a dheartar go speisialta chun forbairt oideachasúil, fostaíochta nó shóisialta daoine atá faoi mhíchumas coirp nó meabhrach a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc. Ní mór na hearraí a bheith iompórtáilte ag:

  • daoine faoi mhíchumas dá n-úsáid féin le faoiseamh a fháil ó Dhleacht Custam. Gearrtar CBL fós.
  • institiúidí nó eagraíochtaí atá páirteach in oideachas nó cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas le faoiseamh a fháil ó Dhleacht Custam agus CBL. Maidir leis na hinstitiúidí nó eagraíochtaí:
    • ní mór iad a bheith údaraithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun na hearraí sin a fháil saor ó dhleacht
    • agus
    • ní mór gur deonaíodh na hearraí dóibh saor ó tháille chun faoiseamh ó CBL a fháil.

Ní cheadaítear earraí iompórtáilte le faoiseamh ó dhleachta iompórtála a aistriú, a thabhairt ar iasacht nó a fhruiliú gan na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus na dleachta iompórtála a íoc.

Féadtar, áfach, na hearraí a thabhairt ar iasacht, a fhruiliú nó a aistriú chuig duine, eagraíocht nó institiúid a cháileodh don fhaoiseamh seo chomh maith. Ní mór na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas roimh aon aistriú.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ba chóir duit an méid seo a leanas a thaispeáint do na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála:

Daoine aonair

  • litir ón soláthraí ina ndeimhnítear go bhfuil na hearraí dearbhaithe go speisialta le haghaidh oideachas, fostaíocht nó forbairt shóisialta daoine faoi mhíchumas.

Institiúid nó eagraíocht

  • Litir ón soláthróir ag deimhniú go bhfuil na hearraí á seoladh saor in aisce má tá faoiseamh ó CBL á éileamh agat.

Ní mór do sheoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na doiciméid liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus ‘doiciméid custam’ a mharcáil orthu
  • ‘Earraí do dhaoine faoi mhíchumas - díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’ a mharcáil ar an bpacáiste
  • agus
  • eolas maidir leis na hearraí a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dearbhú mar ‘earraí do dhaoine faoi mhíchumas
  • agus
  • an cód C24 a chur isteach in D/E 1/11 den dearbhú más duine faoi mhíchumas thú a bhfuil na hearraí á iompórtáil duit féin
  • an cód C25 a chur isteach in D/E 1/11
  • agus
  • an cód 1D09 a chur isteach agus 'litir um údarú’ a chur isteach i mbosca D/E 2/3 más institiúid nó eagraíocht cheadaithe thú.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid seo a leanas mar thacaíocht i leith d’éilimh ar fhaoiseamh:

  • Má tá tú faoi mhíchumas, féadfaidh sé go n-éileoidh siad ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar.
  • Más institiúid nó eagraíocht thú, an litir ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ina gceadaíear duit na hearraí a fháil saor ó dhleacht.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.