Deireadh á chur leis an bhFaoiseamh De Minimis i leith Coinsíneachtaí ar Luach Íseal – 1 Iúil 2026

Léargas ginearálta

Faoi láthair, níl aon dleacht chustam ar phacáistí ríomhthráchtála a thagann isteach san Aontas Eorpach (AE) sa chás gurb é luach na n-earraí (gan muirir seachadta agus mar sin de) ná €150 nó níos lú. Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha. Ina theannta sin, féadfaidh an chuideachta seachadta táillí seachadta, árachais agus riaracháin a ghearradh.

Ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, beidh muirear dleachta custam €3 in aghaidh an earra i bhfeidhm ar gach pacáiste ríomhthráchtála ar luach €150 nó níos lú iad a thagann isteach go hÉirinn ó lasmuigh den AE. Beidh impleachtaí dá bharr seo agus tú ag siopadóireacht ar líne agus beidh méadú ar tháillí agus íocaíochtaí a d'fhéadfaí a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir.

Beidh feidhm ag an dleacht chustam €3 in aghaidh an earra maidir le pacáistí a sheoltar go díreach chuig tomhaltóirí ó thíortha lasmuigh den AE. Ciallaíonn sé seo go mbíonn táille €3 ar leith i gceist le gach cineál táirge ar leith i bpacáiste.

Cuirfear an muirear custam €3 san áireamh san iomlán a úsáidfear chun CBL a ríomh.

Seiceáil cé na muirir a chuirtear i bhfeidhm ag an tseiceáil amach agus céard atá san áireamh sna téarmaí seachadta. Mura ngearrtar dleachtanna custam ag an tseiceáil amach, d'fhéadfaí táillí méadaithe a thabhú ag tráth an tseachadta. De rogha air sin, déan teagmháil dhíreach leis an ardán nó leis an ngnó chun costas iomlán do cheannacháin a fháil amach roimh ré.

Ar aghaidh: Aisíocaíocht