Deireadh á chur leis an bhFaoiseamh De Minimis i leith Coinsíneachtaí ar Luach Íseal – 1 Iúil 2026
Aisíocaíocht
Ón 1 Iúil 2026, ní aisíocfaidh na hÚdaráis Chustaim dleachtanna custam ar phacáistí ríomhthráchtála ach amháin má tá na hearraí lochtach. Sa chás go n-athraíonn tomhaltóir a intinn maidir leis an gceannach agus go gcuirtear earraí ar ais chuig an soláthraí bunaidh, ní aisíocfaidh na hÚdaráis Chustaim na dleachtanna custam €3.
Ar an gcaoi chéanna, ní aisíocfaidh na hÚdaráis Chustaim Cáin Bhreisluacha (CBL) ar phacáistí ríomhthráchtála ach amháin má tá na hearraí lochtach. Má athraíonn an tomhaltóir a intinn agus má chuirtear earraí ar ais, d'fhéadfadh sé go n-aisíocfaidh an soláthróir an CBL leis an tomhaltóir. Ba chóir do thomhaltóirí na téarmaí agus na coinníollacha ar shuíomh idirlín an tsoláthróra a sheiceáil chun a fháil amach an n-aisíocfar an CBL.
Tabhair do d'aire
Seiceáil polasaí tuairisceáin an tsuímh idirlín mar b'fhéidir nach bhfaighidh tú aisíocaíocht dleachtanna custam nó CBL a íocadh ar an seachadadh tosaigh.
Ceannach laistigh den AE
Ní ghearrtar dleacht chustam ar earraí a cheannaítear ó sholáthraithe laistigh den Aontas Eorpach (AE).
Sula gceannaítear ar líne, ba chóir do thomhaltóirí a sheiceáil an bhfuil an suíomh idirlín a bhfuil siad ag ceannach uaidh lonnaithe san AE. Ní cruthúnas é ainm suímh idirlín, nó seolta r-phoist dar críoch '.ie', maidir le ca háit a bhfuil gnólacht lonnaithe. Ba chóir duit na téarmaí agus coinníollacha, an polasaí príobháideachais, an fhaisnéis 'maidir linne' nó 'déan teagmháil linn' a sheiceáil ar shuíomh idirlín an ardáin nó ar shuíomh idirlín an díoltóra. Ba chóir go léireodh an fhaisnéis seo cá bhfuil an gnó lonnaithe, agus má tá cánacha agus dleachtanna san áireamh sa phraghas.
Beidh tuilleadh eolais faoi na muirir nua agus na himpleachtaí seo ar fáil ar ár suíomh idirlín go luath.