Cead isteach sealadach d'earraí pearsanta agus earraí chun críocha spóirt

Cén chaoi le d'earraí a iompórtáil agus a atheaspórtáil

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Earraí pearsanta agus earraí chun críche spóirt tionlactha

Ceadaítear na hearraí seo de ghnáth gan fhoirmeáltacht. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Taisteal ó taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE).

Earraí pearsanta agus earraí chun críocha spóirt neamhthionlactha

Ba chóir duit an fhoirm fardail um dearbhú ó bhéal do chustaim a chomhlánú i ndúblach. Ní mór duit sonraí d’eitilte, nó seoladh go hÉirinn nó as Éirinn , a chur ar fáil. Ba chóir na hearraí agus d’fhoirmeacha a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála. Déanfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an méid seo a leanas:

  • an dá cóip den fhoirm a stampáil agus a shíniú
  • dáta na hatheaspórtála a chur isteach
  • agus
  • cóip amháin a thabhairt ar ais duit nó do do ghníomhaire.

 Má tá luach ard ar na hearraí a iompórtálann tú, bíodh siad tionlactha nó neamhthionlactha, féadfaidh sé go mbeidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an dleacht iompórtála a íoc ar éarlais
  • urrús eile cuí a chur ar fáil.

Féadtar dleacht iompórtála a íoc ar éarlais nuair atá foirm fardail um dhearbhú ó bhéal do chustaim á úsáid.

Nós imeachta ag tráth na hatheaspórtála

Nuair atá na hearraí á n-atheaspórtáil, ní mór duit iad a chur i láthair na gCoimisinéirí Ioncaim in éineacht le do chóip den fhoirm fardail um dhearbhú ó bhéal do chustaim.

Ní mór duit na hearraí a atheaspórtáil sula dtéann an tréimhse le haghaidh cead isteach sealadach in éag. Ní mór duit am a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim scrúdú a dhéanamh ar na hearraí. Coinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip de d’fhoirm fardail um dhearbhú ó bhéal do chustaim. Déanfar socruithe chun an taisce a aisíoc, nó an slándáil a fhuascailt, más gá.

Ar aghaidh: Samplaí d'earraí pearsanta agus earraí iompórtáilte chun críocha spóirt