Cead isteach sealadach d'earraí pearsanta agus earraí chun críocha spóirt

Léargas ginearálta

Má tá tú ag taisteal ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), féadfaidh tú an méid seo a leanas a iompórtáil saor ó Dhleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • earraí pearsanta atá riachtanach do do thuras
  • agus
  • earraí chun críche spóirt.

Cé chomh fada a fhéadann earraí pearsanta agus earraí chun críche spóirt fanacht san AE?

Ní mór duit na hearraí a atheaspórtáil taobh istigh den teorainn ama arna údarú ag na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála. Is é an uastréimhse cheadaithe ná 24 mí. Ní mór earraí pearsanta a bheith atheaspórtáilte ag an trath is deireanaí a fhágann tú an AE.

Ar aghaidh: Cén chaoi le d'earraí a iompórtáil agus a atheaspórtáil