Earraí pearsanta mic léinn

Má tá tú ag teacht chun staidéar san Aontas Eorpach (AE), féadfaidh tú d’earraí pearsanta a thabhairt leat gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc.

Áirítear le earraí pearsanta ábhair oideachais a úsáideann mic léinn de ghnáth chun críocha a gcuid staidéir, éadaí agus earraí tí. Chun cáiliú, ní mór duit a bheith cláraithe i scoil nó coláiste agus freastal ar chúrsa lánaimseartha. Ní mór na hearraí a bheith chun d’úsáid phearsanta féin.

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Teastóidh litir ón scoil nó coláiste ina ndeimhnítear go bhfuil tú cláraithe ar chúrsa lánaimseartha.

Ní mór do sheoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an litir liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus ‘doiciméid custam’ a mharcáil air. 
  • eolas maidir leis na hearraí a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go n-áireofaí i bhfaisnéis na n-earraí an méid seo a leanas: ‘marcáil an pacáiste ‘Ábhair Oideachais: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • 'ábhair oideachais - díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe' a mharcáil ar an mbeartán.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dhearbhú mar ábhair oideachais
  • agus
  • an cód C06 a chur in D/E 1/11 den dearbhú.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh go gcuirfeadh an scoil nó coláiste litir eile ar fáil le deimhniú go bhfuil gá leis na hearraí.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.