Táille Láimhseála an Aontais (UHF) – 1 Samhain 2026
Conas a chuirtear an táille i bhfeidhm
Seoltar pacáiste ar luach iomlán €10 ó lasmuigh den AE chuig duine in Éirinn agus tá peann, leabhar nótaí agus fáinne eochracha ann a ceannaíodh ar líne. Toisc go bhfuil 3 earra ar leith sa phacáiste, ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, gearrtar muirear Dleachta Custam €3 ar gach earra — €9 san iomlán, móide CBL. Ón 1 Samhain 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag UHF breise de €6 ar an bpacáiste seo ag €2 in aghaidh na míre. Tá €15 breise móide aon CBL is infheidhme dlite ar an bpacáiste.
Dá mbeadh dhá pheann mar a chéile sa phacáiste seachas an méid thuasluaite, mheasfaí gur earra amháin iad, agus dá réir sin, bheadh muirear Dleachta Custam €3 móide CBL ar an bpacáiste seo chomh maith le UHF breise de €2 ón 1 Samhain, rud a d'fhágfadh gur €5 móide aon CBL infheidhme a bheadh i gceist san iomlán.
Má tá luach pacáiste níos mó ná €150, ansin bheadh an Dleacht Custam a bhaineann leis na hearraí sonracha dlite in ionad an muirear Dleachta Custam €3. Mar shampla, tá péire jíons (€100) agus péire bróga reatha (€150) i bpacáiste, sa chás seo bheadh Dleacht Custam €12 (12%) i gceist leis na jíons agus bheadh €25.35 (16.9%) móide CBL ag na bróga reatha chomh maith leis an UHF €4, mar sin €41.35 móide aon CBL infheidhme a bheadh ann san iomlán.
Ar aghaidh: Cén tionchar atá aige seo ar thomhaltóirí?