Táille Láimhseála an Aontais (UHF) – 1 Samhain 2026

Léargas ginearálta

Ón 1 Samhain 2026, tabharfaidh an tAontas Eorpach (AE) Táille Láimhseála nua de chuid an Aontais (UHF) isteach de €2 in aghaidh na míre ar leith le haghaidh ceannacháin ar líne a thagann ó lasmuigh den AE. Beidh feidhm leis an UHF €2 ar earraí a thagann ó lasmuigh den AE beag beann ar luach an cheannaigh. Níl aon tairseach ann.

Tá an táille seo ar leithligh ón Dleacht Custam €3 in aghaidh na míre atá i bhfeidhm ón 1 Iúil 2026 ar earraí i bpacáistí ar luach €150 nó níos lú iad, agus sa bhreis ar an Dleacht Custam sin.

Cúlra

Is athrú mór é an Pacáiste Athchóirithe Custam ar an gcaoi a n-oibreoidh Aontas Custaim an AE. Tá sé i gceist Custaim a dhigitiú níos mó agus é a dhéanamh níos comhordaithe, agus ag an am céanna déileáil leis an méadú ollmhór ar líon na bpacáistí ríomhthráchtála a thagann isteach san AE. Bíonn drochthionchar ag ar líon ollmhór na bpacáistí seo ar an gcomhshaol agus ar iomaíochas ghnólachtaí an AE. Le go leor táirgí, ní chomhlíontar caighdeáin sábháilteachta an AE, rud a d'fhéadfadh a bheith ina riosca do thomhaltóirí agus don tsochaí.

Cuirfear an Pacáiste Athchóirithe Custam chun feidhme i gcéimeanna idir seo agus 2034, agus tabharfar isteach Údarás Custaim nua an Aontais, Mol Sonraí Custaim nua de chuid an AE agus cuirfear níos mó freagrachta ar ardáin agus ar mhargaí ar líne araon.

Is é an chéad chéim in Athchóiriú Custaim an AE ná forálacha nua a thabhairt isteach maidir le himréiteach custam ceannacháin ríomhthráchtála a thagann ó lasmuigh den AE.

Ar an 1 Iúil 2026, cuireadh Dleacht Custam nua €3 i bhfeidhm in aghaidh na míre ar leith ar earraí i bpacáistí ar luach €150 nó níos lú iad, a thagann ó lasmuigh den AE.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag UHF nua €2 in aghaidh na míre ar leith i gceist ón 1 Samhain 2026 maidir le hearraí i bpacáistí, beag beann ar luach, a thagann ó lasmuigh den AE.

Cad é an UHF?

Beidh feidhm ag an UHF maidir le gach earra ríomhthráchtála, beag beann ar an luach, sa chás go seolann díoltóir earraí ó lasmuigh den AE chuig tomhaltóir in Éirinn. Tá sé i gceist leis an UHF na costais mhéadaithe atá á dtabhú ag údaráis chustaim mar gheall ar fhás ollmhór na ríomhthráchtála a chlúdach. Tá an UHF dírithe ar an ardán, ar mhargaí agus ar ghnólachtaí a bhfuil baint acu le pacáistí ríomhthráchtála a thagann isteach san AE, seachas a bheith deartha mar mhuirear díreach ar an tomhaltóir.

Níl an UHF inaisíoctha, fiú nuair a bhíonn earraí lochtach nó curtha ar ais.

Baineann an UHF le pacáistí Gnólacht le Tomhaltóir (B2C) a thagann ó lasmuigh den AE, áit ar duine príobháideach an tomhaltóir.

Ní bheidh feidhm ag an UHF maidir le bronntanais a sheoltar ó dhuine príobháideach amháin lasmuigh den AE chuig duine príobháideach eile atá ina chónaí in Éirinn.

Ar aghaidh: Conas a chuirtear an táille i bhfeidhm