Víosaí iontrála, ceadanna oibre agus aertháillí

Víosaí iontrála agus ceadanna oibre

Féadfaidh sé go bhfuil fostaí agat atá ag teacht go Éirinn chun obair leat. Sa chás go n-íocann tú as aon cheann de na míreanna seo a leanas ar son an fhostaí seo, ní chaithfear leis seo mar shochar comhchineáil:

  • víosa iontrála
  • cead oibre
  • An Cárta um Chead Cónaitheachta Éireannach (IRP) (cárta Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce a tugadh air roimhe seo).

Mar sin féin, má íocann tú costais ó tháillí eitilte fostaithe a d'fhostaigh tú ó lasmuigh d'Éirinn, déileáiltear leo sin mar shochar incháinithe.