Speansais aistrithe agus athlonnaithe

Féadfaidh sé go mbeidh ar d'fostaí dul chun chónaí in áit éigin eile chun dualgais a bhfostaíochta a chomhlíonadh. Féadfaidh tú costais aistrithe agus athlonnaithe an fhostaí a aisíoc, saor ó cháin, má bhíonn costas ar d'fhostaí as:

  • aistriú go láthair nua fostaíochta
  • gabháil i mbun na fostaíochta.

Beidh na costais sin saor ó cháin i gcás:

  • go mbíonn costais iarbhír aistrithe agus athlonnaithe ann
  • go mbíonn na costais réasúnta
  • go ndéanfar rialú ceart ar íocaíocht na gcostas
  • go mbíonn gá leis an aistriú.

Costais saor ó cháin

Ní fhéadtar costais a aisíoc saor ó cháin ach amháin sa chás go n-eascraíonn siad go díreach as an aistriú cónaithe. Áirítear leo seo:

  • táillí ceantálaí, táillí dlíodóra agus dleacht stampála a thagann chun cinn de bharr an aistrithe cónaithe
  • troscán agus nithe eile a aistriú amach
  • táillí stórála
  • árachas ar throscán agus ar nithe eile faoi bhealach nó i stóras
  • glantachán ar throscán stóráilte
  • costais taistil ar aistriú amach don fhostaí.

Cothabháil

Féadfaidh tú costais chothabhála a íoc le d'fostaí saor ó cháin i gcúinsí áirithe.

Féadfaidh tú liúntas sealadach cothabhála a íoc leis an bhfostaí agus iad ag lorg lóistín san áit nua. Is le haghaidh deich n-oíche ar a mhéad a chlúdóidh an íocaíocht seo, ar rátaí nach mó iad ná na rátaí reatha Státseirbhíse. Ní gá admhálacha a sholáthar chun an íocaíocht sin a dhearbhú.

Féadfaidh tú cíos ar lóistín sealadach a íoc don fhostaí freisin ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí. Ní mór admhálacha a sholáthar chun an íocaíocht sin a dhearbhú. Ní ceadmhach duit an costas seo agus an liúntas sealadach cothabhála araon a íoc leis an bhfostaí ag an am céanna.

Costais nach bhfuil saor ó cháin

Níl na costais seo a leanas saor ó cháin:

  • aon chuid den chostas caipitil a ghabhann le teach a cheannach nó a thógáil
  • aon ús ar iasacht idirlinne, nó aon iasachtaí don fhostaí chun ceannach nó tógáil tí a mhaoiniú.

Ní fhéadfar íocaíochtaí saor ó cháin a dhéanamh ach ar chostais iarbhír arna dtabhú tráth an aistrithe agus orthu sin amháin.

Tuarastal atá in airgead corraíola, mar sin is cóir cáin a ghearradh air.

Taifid nach mór a choinneáil

Ní mór gach taifid a bhaineann le costais aistrithe agus athlonnaithe íoctha agat a choinneáil ar feadh sé bliana.