Dualgais tuairiscithe scaireanna

  1. Léargas ginearálta
  2. Tuairisceáin a bhaineann le scaireanna
  3. Leideanna agus moltaí

Tuairisceáin a bhaineann le scaireanna

Braitheann an tuairisceán ar gá a thíolacadh ar an gcineál dámhachtain scaire nó scair roghanna atá i gceist.

Foirm

Scairscéim/Sonraí

Cén uair le tíolacadh

Foirm ESA

Stoc-Aonaid Shrianta (stoc-aonaid SAS) – Stocsocraithe & Airgeadsocraithe

Scaireanna lascainithe/saor in aisce/meaitseála

Pleananna Ceannaithe Scaireanna d’Fhostaithe (pleananna PCSF)

Scaireanna Srianta

Urrúis In-Chomhshóite

Scaireanna Forghéillte

Scáil Scaireanna

Cearta Luachmhéadú Stoic

Scaireanna Fáis/Toraidh/Borracha

Scaireanna eile

Más rud é le linn na tréimhse tuairiscithe, gur dheonaigh tú scaireanna, nó go raibh siad dílsithe nó diúscartha, nó rinne tú coibhéis íocaíochta airgid de scaireanna

Foirm RSS1

Scair-roghanna agus aon chearta eile chun scaireanna nó sócmhainní a bhronntar ar fhostaithe agus stiúrthóirí a fháil

Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, gur deonaíodh, gur feidhmíodh, gur aistríodh nó gur scaoileadh roghanna scaireanna neamhcheadaithe

Foirm KEEP1

Sonraí maidir le scair-roghanna cáilitheacha a deonaíodh

Más rud é le linn na tréimhse tuairiscithe, gur deonaíodh, feidhmíodh, aistríodh nó scaoileadh roghanna CRPF

Foirm ESS1

Sonraí maidir le Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC)

Ní mór duit tuairisceán a thíolacadh do gach bliain mheasúnaithe

Foirm SRSO1

Sonraí maidir le Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT)

Ní mór duit tuairisceán a thíolacadh do gach bliain mheasúnaithe

Foirm ESOT1

Sonraí maidir le hIontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT) ceadaithe

Ní mór duit tuairisceán a thíolacadh do gach bliain mheasúnaithe

Tuairisceáin nialasacha

Más iontaobhaí tú ar scairscéim cheadaithe, iarrtar ort foirm bhliantúil (ESS1/SRS01/ESOT1) a thíolacadh d'aon bhliain mheasúnaithe. Áirítear leis seo, tuairisceáin nialasacha a thíolacadh nuair nach raibh aon imeachtaí intuairiscithe i rith na bliana atá i gceist.

Maidir le haon scairscéimeanna eile, ní gá duit tuairisceán nialasach a thíolacadh mura raibh aon imeachtaí intuairiscithe le linn na tréimhse sin.

Tuairisceáin leasaithe

Féadtar leasú a dhéanamh ar thuairisceán a uaslódáladh ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) roimhe sin.

Féach ar Chapter 15 of the Share Schemes manual le haghaidh tuilleadh treoracha.

Ar aghaidh: Leideanna agus moltaí