Dualgais tuairiscithe scaireanna
Leideanna agus moltaí
Nuair atá do thuairisceán á chomhlánú agat
Tabhair do d'aire
Ní mór duit an leagan is déanaí den tuairisceán atá á thíolacadh agat a úsáid i gcónaí.
Ba chóir duit aird ar leith a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
- tuairiscigh gach luach airgeadaíochta in Euro
- Bain aon charachtair speisialta, lena n-áirítear uaschamóga nó béim ghutha ó ainmneacha
- cinntigh go bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ar fáil do gach fostaí
- ná fág bearnaí glana idir bloic sonraí. D'fhéadfadh sé seo teachtaireacht earráide a spreagadh i dtuairisceáin áirithe (Foirm ESA)
- d'fhéadfadh roinnt tuairisceán iarraidh ort scairphraghas aonaid a chur isteach. D'fhéadfadh tuairisceáin eile iarraidh ort luach margaidh iomlán na scairsheilbhe a chur isteach. Cinntigh go bhfuil na luachanna cuí á chur isteach mar a iarrtar
- má dhéanann tú luachanna a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa tuairisceán ó chomhad difriúil:
- ná bíodh carachtair eolaíochta ná neamh-uimhriúla á n-aistriú isteach i réimsí Uimhriúla na foirme
- bain úsáid as an deighilteoir deachúil ceart, pointí deachúlacha seachas camóga deachúlacha
- ná bain athúsáid as tuairisceán ó bhliain roimhe seo. Cinntigh go bhfuil an leagan is deireanaí den scarbhileog ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
Féadtar samplaí tuairiscithe do scéimeanna ar leith a fháil i gcaibidlí éagsúla den Share Schemes Manual.
Nuair atá do thuairisceán á thíolacadh agat
- Cinntigh go bhfuil an leagan is déanaí den tuairisceán á úsáid agat.
- Cinntigh go bhfuil tú cláraithe le haghaidh 'Tuairisciú ar Scairscéimeanna' (TS) ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Beidh do chlárúchán TS ceangailte le do chlárúchán CC.
- Má tá tú logáilte isteach ag úsaid Fho-Dheimhniú ROS, b'fhéidir nach bhfeicfidh tú an rogha TS. Cinntigh go bhfuil do Riarthóir ROS tar éis do cheadanna TS a nuashonrú.
- Má thagann tú ar earráid 'drochainm comhaid' - sábháil do thuairisceán comhlánaithe ar thiomántán líonra nó ar thiomántán logánta sula dtiontaíonn tú go formáid .zip é le huaslódáil.
- Cinntigh nach bhfuil do chomhad faoi chosaint pasfhocail.
- Ní fhéadann tú do thuairisceán a thíolacadh ach trí ROS. Ní féidir leat ríomhphost nó M’Fhiosruithe a úsáid.
Tá treoracha agus nótaí míniúchán maidir le comhlánú agus tíolacadh na bhFoirmeacha curtha ar fáil sa tuairisceán cuí agus i Chapter 15 of the Share Schemes Manual.