Liosta na bhFostóirí a fuair íocaíochtaí faoin SFSP

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta d’ainmneacha agus seoltaí na bhfostóirí uile a fuair maoiniú faoin Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP). Tá sé seo de dhíth faoi Alt 28(8) den Acht um Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19) 2020.

Foráiltear sa reachtaíocht ainmneacha agus seoltaí na bhfostóirí a fuair íocaíochtaí SFSP a fhoilsiú. Tá dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht cáiníocóirí a choinneáil i leith na sonraí eile uile, mar shampla, na suimeanna fóirdheontais íoctha. Tá sé seo de réir Alt 851A den Acht Chomhdhlúite Cánach 1997.

Níl gach fostóir a chláraigh don SFSP san áireamh ar an liosta a foilsíodh. I measc na bhfostóirí a chláraigh le haghaidh SFSP agus nach bhfuil san áireamh ar an liosta, tá:

  • fostóirí a chláraigh don SFSP ach nár bhfuair aon íocaíocht faoin scéim
  • fostóirí a fuair íocaíochtaí faoin scéim ar dtús ach a rinne próiseas 'cúlú siar' as an scéim.

Tabhair do d'aire

Tá sonraí maidir le cúlú siar as an scéim ar fáil i Guidance on the Operational Phase of the Temporary COVID-19 Wage Subsidy Scheme (FAQ V18).

Tá ainmneacha na bhfostóirí in ord aibítre. Is iad an t-ainm agus seoladh a léirítear do gach fostóir an t-ainm agus seoladh reatha atá ar an taifead ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Más amhlaidh go bhfuil níos mó ná clárúchán fostóra amháin ag gnó a fuair íocaíochtaí SFSP, liostófar gach clárúchán go leithleach.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbaineann na fostóirí a áirítear sa liosta ach le híocaíochtaí SFSP, agus ní léiríonn sé seo a suíomh comhlíontach cánach.

Féadann fostaithe an méid SFSP a d’éiligh a bhfostóir a fheiceáil trí súil a chaitheamh ar a gcuid duillíní pá nó trí logáil isteach ar moChúrsaí.

Tá an liosta ar fáil i trí leagan amach: