Réiteach na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Tá réiteach na Scéime Fóirdheontais Sealadaigh Pá (SFSP) dúnta anois.

Bhí an réiteach an chéim dheiridh sa chlár SFSP.

Chinn sé:

  • dliteanas aon fhostóra a ndearnadh ró-íocaíocht SFSP leo
  • aon suimeanna deiridh SFSP atá dlite d’fhostóirí.

Osclaíodh tréimhse réitigh an SFSP ar an 22 Márta 2021 agus tháining deireadh léi ar an 30 Meitheamh 2021.

Chinntigh an próiseas réitigh SFSP go raibh réiteach cruinn idir an méid seo:

  • na suimeanna fóirdheontais a d’íoc na Coimisinéirí Ioncaim le fostóirí
  • agus
  • na suimeanna fóirdheontais a bhí iníoctha i gceart le fostóirí i leith fostaithe cuí agus a íocadh leis na fostaithe sin.

Tá an méid seo a leanas i d’fhaisnéis réitigh, rud atá ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS):

  • an tsuim iomlán SFSP a d’íoc na Coimisinéirí Ioncaim leat
  • an tsuim iomlán SFSP iníoctha i leith d’fhostaithe
  • an tsuim iomlán SFSP a d’íoc tú le d’fhostaithe, de réir na sonraí i leith an fhóirdheontais íoctha a chuir tú ar fáil
  • agus
  • sonraí faoi aon difríocht idir na suimeanna seo (an t-iarmhéid réitigh).

Tá an t-iarmhéid réitigh bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Bhí sé riachtanach d’fhostóirí sonraí cruinne a sholáthar faoin bhfóirdheontas a íocadh lena bhfostaithe go hiarbhír.

Má loic tú cuid de na híocaíochtaí fóirdheontais le d’fhostaithe a thuairisciú, nó iad uile, caitear leis an bhfóirdheontas neamhthuairiscithe mar fhóirdheontas neamhíoctha i ríomh d’iarmhéid réitigh.

Tá sonraí an fhóirdheontais íoctha ar fáil sa chluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS, faoin gcatagóir ‘Seirbhísí d’Fhostóirí’ agus ag an nasc ‘Réiteach SFSP’.