Díolúine i gcás oidhreachtaí áirithe tógtha ag tuismitheoirí

Tá oidhreacht a thógann tuismitheoir ó leanbh díolmhaithe ón gCáin Fáltas Caipitiúil (CFC) más rud é:

  • gur thóg an leanbh sin bronntanas nó oidhreacht neamhdhíolmhaithe ó cheann amháin nó ón dá thuismitheoir taobh istigh de chúig bliana roimh a bhfuair sé, sí bás.

Ní gá go mbeadh an oidhreacht mar an sealúchas nó an luach céanna agus an bronntanas nó oidhreacht níos túisce.

Sampla

Ar bhás a mhic, Antaine, in 2019, fuair Nollaig, a athair, maoin le hoidhreacht ar fiú €5,000,000 í ó Antaine. In 2015, thug Nollaig €20,000 in airgead tirim mar bhronntanas d’Antaine chun cabhrú leis gnó a thosú. Tá an oidhreacht a thóg Nollaig díolmhaithe go hiomlán ó CFC.

Conas an díolúine a éileamh

Chun díolúine oidhreachtaí áirithe a ghlacann tuismitheoirí a éileamh, ní mór duit Foirm tuairisceáin CFC IT38 a thíolacadh ar líne. Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).