Díolúine i gcás fáltais áirithe

Tá na fáltais seo a leanas díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC):

  • cúiteamh nó damáistí a fhaigheann tú i leith aon éagóra nó díobhála a d’fhulaing tú duit féin, do do mhaoin, do do chlú nó do do shlí bheatha
  • cúiteamh nó damáistí a fhaigheann tú i leith aon éagóra nó díobhála a raibh bás aon duine eile mar thoradh air
  • buachan (cé acu i bhfoirm airgid nó neamhairgid) ó ghealltóireacht, crannchuir nó cluichí le duaiseanna
  • maoin a fuair tú chun fiachas a laghdú má tá tú féimheach nó gar do bheith féimheach
  • aon sochar a eascraíonn as fiachas a ghlanadh nó a laghdú faoi cheann díobh seo:
    • Fógra um Fhaoiseamh Fiachais
    • Socrú Socraíochta Fiachai
    • Socrú Dócmhainneachta Pearsanta  
  • fáltais tógtha ag gaolta áirithe leis an diúscróir, fad is atá an diúscróir fós beo, arbh bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu mar ghnáthchostais le haghaidh tacaíochta, cothabhála nó críocha oideachasúla
  • íocaíochtaí ex gratia a dhéantar ar an 1 Lúnasa 2013 nó dá éis i ndáil le mná a tógadh isteach agus a d’oibrigh i Neachtlanna Mhaighdilíneacha. Féadfaidh sé go ndearnadh an íocaíocht le duine nó le heastát duine nach maireann.