Díolúine ó aistrithe áirithe ag comhchónaitheoirí cáilithe

Tá aistrithe áirithe a dhéanann comhchónaitheoir cáilithe, an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh, chuig comhchónaitheoir cáilithe eile díolmhaithe ó Cháin Fháltas Caipitiúil (CAT).

Ní mór an t-aistriú a bheith déanta faoi Chuid 15 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 (Acht CPCROC 2010).

Féadfaidh comhchónaitheoir cáilithe iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar shásamh maidir le sochair áirithe ó chomhchónaitheoir cáilithe eile. Tá bronntanas nó oidhreacht a thógtar de bhun Ordú Cúirte faoi Chuid 15 den Acht CPCROC 2010 díolmhaithe ó CAT.

Seo a leanas roinnt samplaí a mbaineann an díolúine leo:

  • aistriú maoine
  • íocaíochtaí cothabhála
  • orduithe coigeartaithe maoine nó pinsin
  • sochar ó eastát glan comhchónaitheora éagtha.

Is iar-chomhchónaitheoirí iad comhchónaitheoirí cáilithe a bhí i gcaidreamh ar feadh íostréimhse:

  • dhá bhliain ina bhfuil siad ina dtuismitheoirí do leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó
  • cúig bliana i ngach cás eile
  • agus 
  • a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh trí bhás nó idirscaradh
  • agus
  • ní raibh ceachtar den dá dhuine pósta agus ina gcónaí le duine eile i gceithre cinn de na cúig bliana sular tháinig deireadh leis an gcaidreamh.