Díolúine i gcás carthanais

Má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht chun críocha an phobail nó críocha carthanúla, tá tú díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC). Tá sé seo faoi réir an choinníll go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil an bronntanas nó an oidhreacht:

  • curtha i bhfeidhm chun na críocha sin de réir dhlí an Stáit
  • go gcuirfear chun feidhme iad chun na gcríoch sin de réir dhlí an Stáit.

Féadfaidh na críocha carthanúla nó críocha an phobail a bheith taobh istigh nó taobh amuigh den Stát.